An Beartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP)

Is é an próiseas faoin mBeartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP) an bealach ar féidir tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais faoi láthair.

Céim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2)

An 10 Meitheamh 2020, d'fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) cinneadh ar Chéim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2), inar leagadh amach an beartas a mbeadh feidhm aige ar thrí bhaisc bhliantúla de thairiscintí nasctha ar a laghad (ECP 2.1, ECP-2.2, agus ECP-2.3). Cuirfear tús le hamchlár na nOibreoirí Córais le haghaidh gach baisce ECP-2 le tréimhse déanta iarratais ón 1 Meán Fómhair go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain. Le tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh ar Pháipéar Cinnidh ECP-2 (CRU/20/060), atá ar fáil ar láithreán gréasáin an CRU agus Sraith Rialacha ECP-2

Faoi ECP-2, déantar iarratais le nascadh leis an eangach a chatagóiriú mar seo a leanas: 

  Catagóir A (Baisc):  

  • Tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile (MEC >0.5MW).
  • Tháinig deireadh leis an tréimhse a rabhthas ag glacadh le hiarratais ar ECP‑2.3 i gCatagóir A (Baisc) ar an 30 Meán Fómhair 2022. Tugadh tosaíocht do na hiarratasóirí ar éirigh leo de réir mhéid na giniúna fuinnimh in-athnuaite (na 25 ceann ba mhó) agus dháta bronnta an cheada pleanála gan níos mó ná 10 dtionscadal teicneolaíochta a raibh dírithe ar stóráil nó seirbhísí córais eile go príomha a áireamh. Cliceáil anseo chun amharc ar Fhoilseachán ECP-2.3 2022 Baisce (Catagóir A) ó Chomhoibreoirí an Chórais. 
  • Cliceáil anseo chun amharc ar Fhoilseachán ECP-2.2 2021 Baisce (Catagóirí A, B agus C) ó Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO). 

Catagóir B (neamhbhaisc):

  • Giniúint ar an mionchóir (11 kW<MEC ≤500 kW), uatáirgeoirí agus trialacha seirbhísí córais DS3 (MEC ≤ 0.5MW).
  • Is féidir le hiarratasóirí i gCatagóir B (Neamhbhaisc) iarratas a dhéanamh ag aon am den bhliain féilire. Breathnaigh ar Alt 4.5 de Shraith Rialacha ECP‑2 le tuilleadh eolais a fháil faoi na critéir incháilitheachta. Cliceáil anseo chun amharc ar Fhoilseachán ECP-2.2 2021 Baisce (Catagóirí A, B agus C) ó Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO).

Catagóir C (faoi stiúir an phobail):  

  • Tionscadail fuinnimh in-athnuaite faoi stiúir an phobail (MEC ≥0.5MW agus ≤ 5MW). Tá tuilleadh eolais faoi thionscadail i gCatagóir C ar fáil anseo.
  • Is féidir le hiarratasóirí i gCatagóir C (faoi stiúir an phobail) iarratas a dhéanamh ag aon am den bhliain féilire. Breathnaigh ar Alt 4.6 de Shraith Rialacha ECP‑2 le tuilleadh eolais a fháil faoi na critéir incháilitheachta. Cliceáil anseo chun amharc ar Fhoilseachán ECP-2.2 2021 Baisce (Catagóirí A, B agus C) ó Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO).

 

Tá na foirmeacha iarratais reatha maidir le gineadóirí ar fáil lena n-íoslódáil trí na naisc thíos:

 

Sraith Rialacha an tSannta Nód

Bunaithe ar aiseolas a fuarthas ón tionscal, rinne EirGrid agus ESB Networks (na hOibreoirí Córais) athbhreithniú agus nuashonrú ar shraith rialacha chomhpháirteach maidir leis an gcaoi a sanntar iarratais do nóid i gcomhair próiseáil tairiscintí. Beidh athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ar na rialacha seo, go háirithe mar a chuirfimid baisceanna bliantúla i gcrích, agus foilseofar nuashonruithe de réir mar is gá. Is féidir teacht ar an leagan athbhreithnithe de Shraith Rialacha ECP‑2 um Shannadh Nód anseo.

Táillí Caighdeánacha do Ghineadóirí

D'fhoilsigh an CRU páipéar cinnidh (CRU/21/035) ar na moltaí a rinne ESB Networks in 2020 maidir le hathruithe ar na Táillí Caighdeánacha do Ghineadóirí. Foilsíodh an doiciméad nua don bhliain 2023 "Gnáthphraghsanna ar Naisc Ghineadóra 2023" in éineacht leis an gcinneadh seo (CRU/21/035a). Tá an cinneadh ón CRU le fáil anseo (PDF | 585 KB).

Is é an cinneadh seo an toradh ar phróiseas athbhreithnithe trí bliana maidir leis na táillí seo, a raibh dhá chomhairliúchán agus roinnt athbhreithnithe neamhspleácha ó chomhairleoirí i gceist leis. Úsáidfidh ESB Networks na táillí a faomhadh leis an gcinneadh seo as seo amach agus beidh feidhm acu, agus boilsciú á chur san áireamh, go dtí go mbeidh na tairiscintí faoi Bhaisc 3 de Céim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2.3) curtha i gcrích ar a laghad.

Próiseáil Tairiscintí

Tabhair faoi deara: I gcás naisc a dhéanfar tar éis mhí Mheán Fómhair 2018, d'fhéadfadh roinnt coinníollacha maidir leis an gCód Dáileacháin athrú toisc gur gá dóibh a bheith ar aon dul leis na Cóid Líonra Eorpacha ina dhiaidh sin.  Breathnaigh ar ár leathanach maidir leis na Cóid Líonra Eorpacha, atá le fáil ag an nasc thíos, le tuilleadh faisnéise a fháil:

Na Cóid Líonra Eorpacha

I gcás aon cheisteanna eile de chuid ECP-2 nach bhfuil clúdaithe ar ár suíomh gréasáin, féach Céim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2) CRU/20/060.  Le haghaidh gach ceist eile, seol ríomhphost chuig DSOgenerators@esb.ie.

Foilseacháin Bhainteacha

Déan Teagmháil Linn