Suíomh do Mhéadair a Bhogadh

Bog mo Mhéadar

Má tá obair thógála á déanamh i d’áitreabh, b’fhéidir go mbeadh ort iarraidh orainn do mhéadar a bhogadh go háit nua. Is féidir linn é sin a dhéanamh agus beidh costas i gceist. Caithfear íoc as an obair roimh ré. Má theastaíonn uait do sheirbhís lastuas nó do sheirbhís faoi thalamh a athrú, ní mór duit an méid sin a insint dúinn nuair a iarrann tú bogadh do mhéadair. Má tá tú chun do sheirbhís a athrú, féach Athrú Seirbhíse.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Le faisnéis theicniúil a fháil maidir leis na riachtanais a chaithfidh an suíomh nua le haghaidh do mhéadair a chomhlíonadh, féach ar an doiciméad Do Chaibinéad Méadair (PDF | 1 MB) nó cuir glao ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555 le cóip a iarraidh.

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn