Ár bhFís

An Líonra Leictreachais faoi 2030

 

An Fhís atá againn ná gur seo an chuma a bheidh ar ár Líonra faoi 2030: 

  • 8 GW de ghiniúint ó ghrianchumhacht fhótavoltach ann.
  • Suas le 30,000 feiste ar imeall na heangaí ann.
  • Méadú ar an stóráil fuinnimh agus níos mó solúbthachta ann ag custaiméirí.
  • Suas le milliún Feithicil Leictreach ar bhóithre na tíre.
  • 9 GW de ghiniúint ó ghaoth ar tír agus 5 GW de ghiniúint ó ghaoth amach ón gcósta agus 2 GW breise de ghaoth amach ón gcósta chun hidrigin ghlas a ghiniúint.
  • 2.6 milliún Méadar Cliste i dtithe cónaithe agus i ngnólachtaí.
  • 680,000 teach cónaithe a mbeidh acmhainneacht teasa leictrithe iontu.
Exception occured while executing the controller. Check error logs for details.

Beartas Comhshaoil ESB Networks

Caitheann ESB Networks dúthracht le haire a thabhairt don chomhshaol go réamhghníomhach agus lenár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de.

Tá Ráiteas Beartais maidir leis an gComhshaol curtha i dtoll a chéile againn ina dtugtar mionchuntas ar a thiomanta atáimid don chomhshaol.

 

Ráiteas Beartais ESB Networks maidir leis an gComhshaol

Cairt Eangaí Inbhuanaithe DSOnna na hEorpa

Ghlac ESB Networks le Cairt Eangaí Inbhuanaithe Oibreoirí Córais Dáileacháin na hEorpa. Leis an gCairt Eangaí Inbhuanaithe, tá gealltanas tugtha ag E.DSO agus ag na balleagraíochtaí go bhfuil siad tiomanta don Inbhuanaitheacht, ní hamháin maidir le saincheisteanna aeráide agus comhshaoil, ach maidir le saincheisteanna sóisialta agus rialtais freisin, san am i láthair agus san am atá le teacht.

Cairt Eangaí Inbhuanaithe DSOnna na hEorpa

Léitheoireacht bhreise

Déan teagmháil linn