Fadhbanna Voltais agus Cáilíocht an tSoláthair

Fadhbanna Voltais agus Cáilíocht an tSoláthair

An bhfuil fadhbanna voltais agat ag do réadmhaoin? Tá ESB Networks anseo le cabhrú leat. Má thugann tú faoi deara neamhrialtachtaí i do sholáthar leictreachais, amhail soilse luaineacha nó fearais amhail an citeal atá mall ag fiuchadh, d’fhéadfadh baint a bheith aige seo le hiomlaoid voltais i do sholáthar leictreachais. D’fhéadfadh fadhbanna den sórt céanna a tharlú má tá acmhainn do sholáthair leictreachais sáraithe agat.

Cén chaoi ar féidir linn cabhrú leat?

Cuireann ESB Networks seirbhís ar fáil chun cúnamh a thabhairt do chustaiméirí a bhfuil fadhbanna voltais acu. Is féidir logáil isteach i do Chuntas ar Líne ESB Networks chun iarratas a dhéanamh ar mheasúnú voltais ag do réadmhaoin.

Céimeanna is féidir a ghlacadh chun Dul i nGleic le Fadhbanna Voltais

  • Logáil isteach i do Chuntas ar líne ESB Networks: Faigh rochtain ar do chuntas chun iarratas a dhéanamh ar mheasúnú voltais. Mura bhfuil cuntas agat, is furasta ceann a chruthú anseo.
  • Chomh luath agus a bheidh tú logáilte isteach i do chuntas, beidh ort an cuntas a nascadh le do MPRN agus nascleanúint a dhéanamh uaidh sin go dtí an mhír iarratais ar sheirbhísí agus an rogha “Measúnú Voltais” a ghlacadh.  
  • Líon isteach an fhoirm iarratais chun na mionsonraí riachtanacha maidir le do chuid fadhbanna voltais a thabhairt. 
  • Tar éis duit an t-iarratas a chur isteach, beidh ár bhfoireann i dteagmháil leat laistigh de 10 lá oibre chun an fhadhb a mheasúnú. Féadfaidh sé go mbeadh orainn taifeadán voltais a shuiteáil san áit a bhfuil do mhéadar suite. Is Teicneoir ESB Networks a dhéanfaidh an obair shuiteála seo. 
  • Déanfaidh an léitheoir voltais monatóireacht ar an soláthar leictreachais d’fhonn aon neamhrialtachtaí a aithint. Ina dhiaidh sin, déanfaidh ár bhfoireann anailís ar na sonraí a fhaightear le fáil amach an bhfuil fadhb voltais agat. 
  • Bunaithe ar na torthaí sin, oibreoidh ESB Networks i gcomhar leat chun an fhadhb a réiteach d’fhonn soláthar leictreachais sochair agus iontaofa a chinntiú. 
  • Mura aimsítear aon fhadhb voltais, gheobhaidh tú litir a dheimhneoidh leat go bhfuil an voltas laistigh den raon inghlactha. Soláthraíonn ESB Networks leictreachas i raon voltais idir 207 Volta agus 253 Volta. Tá sé sin de réir Chaighdeán Eorpach EN50160.

Na Buntáistí a Eascraíonn as Úsáid a Bhaint as do Chuntas ar Líne ESB Networks

  • Cuirtear ar do chumas iarratas a dhéanamh ar líne ar sheirbhísí agus na seirbhísí sin a sceidealú ar do chaoithiúlacht.
  • Is próiseas tapa, cuíchóirithe é seo chun dul i ngleic leis an bhfadhb voltais.
  • Is féidir leat dul chun cinn do mheasúnaithe voltais a rianú.

Logáil isteach i do Chuntas ar Líne ESB Networks inniu chun léitheoir voltais a ordú agus soláthar leictreachais atá sochair agus iontaofa a chinntiú. 

Le tuilleadh eolais nó cúnaimh a fháil, logáil isteach i do Chuntas ar líne ESB Networks

Cláraigh Inniu
Déan teagmháil linn