Guaiseacha Leictreacha

Sábháilteacht an Phobail agus Guaiseacha Leictreacha

Tá sé mar thosaíocht againn gach duine a choinneáil sábháilte agus a chosaint ar ár líonra leictreachais. Déantar na sócmhainní go léir atá ag ESB Networks a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil lena chinntiú go mbeidh an pobal sábháilte.

Yellow Danger Sign

Comhartha Rabhaidh

Fan amach ó threalamh a bhfuil na comharthaí guaise seo air. Má tagann fabht air, d’fhéadfadh sé a bheith baolach dul gar dó. Má fheiceann tú aon rud neamhghnách ag baint le trealamh ar a bhfuil ceann de na comharthaí sin m.sh. sreang tuithe nó poll i sconsa fostáisiúin, glaoigh ar ár n-uimhir éigeandála 1800 372 999 nó +353 21 238 2410

 

Fan slán agus fan amach nuair a fheicfidh tú ceann ar bith acu seo:

minipillar

Mionbhosca

electricity pylon

Piolón Leictreachais

substation

Fostáisiún

fallen electricity lines

Sreanga Tite

electricity pole

Cuaille Leictreachais

Leideanna Ginearálta Sábháilteachta

  • NÁ DREAP CHOÍCHE isteach i bhfostáisiún i ndiaidh liathróide nó aon rud eile
  • NÁ CAITH rópa ná sreang thar líne lastuas IN AM AR BITH
  • NÁ DREAP GO DEO ar phiolón ná ar chuaille leictreach
  • NÁ CEANGAIL stiallbhratacha ná bratacha do chuaillí ná do threalamh leictreacha IN AON CHÁS
  • Má bhíonn tú ag siúl i limistéar ina bhfuil línte cumhachta lastuas agus rudaí fada mar chuaillí miotail nó earraí iascaireachta agat, iompar iad comhthreomhar leis an talamh i gcónaí
  • Ná déan dearmad ar línte cumhachta lastuas má bhíonn tú a chur suas aeróga teilifíse nó crainn raidió ag carbháin nó ag tithe soghluaiste

Naisc Bhainteacha

Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30