Cosaint Sonraí

Tá an t-eolas a iarrtar ar an bhfoirm iarratais seo ag teastáil ó ESB Networks CGA le cur ar ár gcumas do nasc soláthair leictreachais a chur ar bun agus a bhainistiú. Mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, tá an fhaisnéis ag teastáil ó ESB Networks CGA leis an líonra leictreachais a bhainistiú chomh maith. Is é ESB Networks CGA an rialaitheoir sonraí. Breathnaigh ar ár mbeartas príobháideachais ar https://esbnetworks.ie/privacy.

Cosaint Sonraí

Féadfaidh ESB Networks CGA do chuid sonraí pearsanta a úsáid a mhéad is gá (a) chun do chomhaontú naisc a bhunú agus a bhainistiú (b) chun a cheadúnas agus oibleagáidí dlíthiúla eile atá air a chomhlíonadh; agus/nó (c) ar mhaithe lena leasanna dlisteanacha (ar choinníoll nach mbeidh na leasanna sin ag teacht salach ar do chearta agus saoirsí bunúsacha). Féadfar na sonraí pearsanta atá tugtha agat san fhoirm iarratais seo a nochtadh le páirtithe eile sna cásanna seo a leanas:

  • Agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh ag ESB Networks CGA, féadfaidh sé seirbhísí conraitheoirí nó soláthraithe eile a úsáid. Féadfaidh ESB Networks CGA do chuid sonraí a nochtadh leis na páirtithe sin a mhéad is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh agus ar chuntar nach ceadmhach dóibh do chuid sonraí a úsáid ach amháin de réir na dtreoracha a thabharfaidh ESB Networks CGA dóibh. Éilítear orthu do chuid sonraí a choinneáil slán sábháilte, leis.
  • Féadfaidh ESB Networks CGA a nochtadh le cuideachtaí ceadúnaithe soláthair leictreachais agus le páirtithe eile a bhfuil baint acu le do sholáthar leictreachais gurb ann do do nasc, chomh maith le suíomh agus/nó gnéithe teicniúla an naisc sin. I gcás naisc nua, cuirfidh ESB Networks CGA d’uimhir theagmhála fóin ar fáil do chuideachtaí ceadúnaithe soláthair leictreachais d’fhonn fuinnmhiú an naisc an éascú.
  • Féadfaidh sé go n-éileofar ar ESB Networks CGA leis an dlí, nó lenár ndualgais cheadúnais, sonraí atá i seilbh ESB Networks CGA fútsa, faoi do sholáthar leictreachais nó faoi do nasc a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí nó ranna rialtais, don Choimisiún um Rialáil Fóntais nó do thríú páirtithe eile.
  • Féadfaidh sé go dtabharfar sonraí teagmhála do chuideachta ghairmiúil taighde margaidh chun críche taighde a dhéanamh ar cé chomh sásta is atá tú leis na seirbhísí arna gcur ar fáil ag ESB Networks CGA. Féadfar an t-eolas sin a úsáid chomh maith leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin a fheabhsú.