Sábháilteacht Tógála

Ag obair go slán sábháilte

Tá an saol mór athraithe ó bhonn ó tháinig COVID-19 ar an bhfód agus caithfimid go léir iarracht bhreise a dhéanamh anois muid féin agus daoine eile a chosaint. Tá sreanga leictreachais lasnairde agus seirbhísí faoi thalamh ar chuid de na príomhghuaiseacha ar láithreán tógála a fhéadann cur isteach go tromchúiseach ar shábháilteacht oibrithe agus an phobail. Anois agus tús á chur de réir a chéile le hobair thógála arís, tá úinéirí fóntais (Leictreachas, Gás, Uisce agus Teileachumarsáid), i gcomhar le CIF, ag cur i gcuimhne do gach duine a chontúirtí atá sé a bheith ag obair róchóngarach do shreanga leictreachais lasnairde nó píblínte nó cáblaí faoi thalamh a bhualadh.

Ag obair go slán sábháilte in aice le sreanga lasnairde

  • Tá sé contúirteach a bheith ag obair róchóngarach do shreanga leictreachais lasnairde.
  • Agus innealra ard á úsáid agat - fan achar sábháilte amach ó shreanga leictreachais.
  • I gcás éigeandála, cuir glao ar ESB Networks ar 1800 372 999

Leid Sábháilteachta:
Bí ag faire do shreanga leictreacha lastuas agus cáblaí leictreacha faoi thalamh.

 

Naisc Bhainteacha

Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
GENERAL ENQUIRIES
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30