Úsáideoir Gnó
Do Sholáthar Gnó (MIC) a Mhéadú nó a Laghdú
Is éard a thugtar ar neart an naisc leictreachais atá ag do ghnó ná an Uasacmhainn Iompórtála (MIC).
Más rud é gur chuir tú isteach trealamh leictreachais le déanaí a bhfuil cumhacht bhreise ag teastáil uaidh, b’fhéidir nach leor an uasacmhainn iompórtála a thuilleadh le freastal ar do riachtanais, agus gur gá an uasacmhainn iompórtála a mhéadú. Ina theannta sin, má bhain tú roinnt trealaimh leictreachais de d’áitreabh tráchtála, caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal d’uasacmhainne iompórtála. Is féidir iarratas a dhéanamh ar uasacmhainn iompórtála nua ina leithéid de chásanna.
Tabhair do d'aire: I ngach cás téigh i gcomhairle le do leictreoir/shainchomhairleoir maidir leis an uasacmhainn iompórtála a bheadh oiriúnach do d’áitreabh tráchtála, de bharr nach soláthraíonn ESB Networks an tseirbhís sin.
Féach na Táillí ar Úsáid Dháilte an Chórais - Rialacha i gcomhair Fheidhmiú an Ghrúpa Taraife DUoS (PDF | 269 KB) a bhaineann leis an uasacmhainn iompórtála (MIC) atá agat.
Tabhair do d'aire: Mura bhfuil méadú suntasach tagtha ar an méid leictreachais a úsáideann tú ach tá fadhbanna iomlaoide voltais ag cur as duit mar sin féin, seans go bhfuil fadhb voltais i d’áitreabh nó ar ár líonra. Faigh tuilleadh eolais faoi fhadhbanna voltais anseo.
Cláraithe cheana féin?
Logáil isteach