Nuair a fhaigheann ESB an Banna Acmhainne
Cuirtear tús le céim na tógála nuair a fhaighimid an Banna Acmhainne forghníomhaithe agus, chomh maith, nuair a fhaighimid deimhniú chomh maith ónár n-aturnaetha go bhfuil aistriú theideal an láithreáin fostáisiúin curtha i gcrích.
An Banna don Dearadh a scaoileadh
Nuair a chuirtear tús le céim na tógála, insíonn ESB Networks don institiúid airgeadais an Banna don Dearadh a scaoileadh do chéim an deartha. Leis sin a dhéanamh, déantar Deimhniú Deartha a eisiúint. Cuirtear in iúl leis an Deimhniú Deartha go bhfuil céim an deartha curtha i gcrích agus go bhfuil tús curtha le Céim na Tógála agus tugtar údarás an Banna Deartha a scaoileadh.
Scaoileadh an Bhanna Acmhainne
Tugann ESB Networks údarás don institiúid airgeadais eisiúna an Banna Acmhainne a scaoileadh i gcás go bhfuil:
an acmhainn spárálach a bhí ann cheana ar an líonra meánvoltais sa Pháirc Ghnó (mar a luadh i Litir an Chomhaontaithe agus sa Bhanna Acmhainne) nó 30% den íosacmhainn ón stáisiún ardvoltais iomchuí, cibé acu is mó, conraithe ag Comhaontuithe Nasctha síniú agus i gcás go bhfuil na custaiméirí nua nasctha le tréimhse nach lú ná sé mhí.
Eisítear Deimhniú Acmhainne chuig an institiúid airgeadais chun scaoileadh an bhanna a údarú.