Gníomhaíochtaí Pleanáilte

Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara: Gníomhaíochtaí Pleanáilte 2023

 

Is féidir leat breathnu ar 'Comhairliúcháin Phoiblí um Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara', 'Foilseacháin' agus 'Bealaí chun rannpháirtíochta' anseo Íoslódáil PDF:

Public Consultations Listing 2023 |Download PDF 72 KB 

Publications Stakeholder List 2023 |Download PDF 113 KB 

Pathways to Engagement |Download PDF 120 KB 

 

Cumhacht don Athrú: Tionscadail Fuinnimh In-Athnuaite faoi Stiúir an Phobail

Sa seisiún seimineáir gréasáin seo, táimid ag díriú ar phobail is mian leo tionscadail fuinnimh inathnuaite faoi stiúir an phobail a fhorbairt agus na tionscadail sin a nascadh leis an gcóras leictreachais. Labhraíonn saineolaithe atá chun tosaigh san earnáil linn faoin bhforbairt atá ag teacht ar an earnáil féin agus cumhacht á tabhairt do phobail tionscadail fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus a nascadh leis an gcóras dáileacháin leictreachais.


Cumhacht don Athrú: Leictriú Teasa agus Iompair le go mbeidh Sochaí Ísealcharbóin againn

Sa seisiún seimineáir gréasáin seo, déanaimid plé ar an leibhéal uaillmhéine a bheidh ag teastáil chun leictriú teasa agus iompair agus an tsochaí ísealcharbóin a bhaint amach.

Cumhacht don Athrú: An córas dáileacháin - infheistíocht a dhéanamh i saol ísealcharbóin

Sa seisiún seimineáir gréasáin seo, táimid ag déanamh plé ar an infheistíocht dáileacháin a theastaíonn ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal na hÉireann chun saol ísealcharbóin a chumhachtú. Tá eolas ann ó staidéar Eurelectric agus EDSO, ‘Infheistíocht sa Chóras Dáileacháin’ agus plé eile ar tábhacht na hinfheistíochta sin do chustaiméirí agus saoránaigh in Éirinn agus ar fud na hEorpa.

Cumhacht don Athrú: Gníomhaíocht Chomhchoiteann ar mhaithe leis an nGníomhú ar son na hAeráide

Sa seisiún seimineáir gréasáin seo, déanaimid plé ar an dóigh a mbeidh na hoibreoirí córais ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, le go mbeifear in ann an ghiniúint inathnuaite a nascadh níos mó leis an líonra leictreachais agus leictreachas glan a úsáid leis an ruaig a chur ar charbón as cúrsaí teasa, iompair agus geilleagair.

Cumhacht don Athrú: Cumhacht a thabhairt don Saoránach Gníomhach Fuinnimh agus do Phobail Fuinnimh

Sa seisiún seimineáir gréasáin seo, táimid ag déanamh plé ar na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí a theastaíonn chun tacú leis an tsaoránacht ghníomhach fuinnimh, agus le cumhacht a thabhairt ina leith siúd. Chun comhthéacs a thabhairt faoin méid sin, déantar samplaí ón ngnáthshaol de phobail ghníomhacha fuinnimh in Éirinn a chíoradh.

Déan teagmháil linn