Dáta Ullmhaithe na Léarscáile: 23 Samhain 2020
Céard is féidir liom a fhoghlaim ón léarscáil?
- Léirítear ar an léarscáil an toilleadh claochladáin atá ar fáil ag gach fostáisiún dáileacháin ardvoltais. Táthar ag súil go gcuirfidh na sonraí ardvoltais úsáideoirí móra tionsclaíocha/tráchtála chuig fostáisiúin ardvoltais inar mó seans go mbainfear nasc amach gan athneartú suntasach a bheith ag teastáil. Faisnéis ábhartha é sin toisc go dtógann sé níos mó ama fostáisiúin nó claochladáin a shuiteáil ná aon rud eile más gá iad a thógáil nó a athneartú le freastal ar nasc.
- Ar an léarscáil, rangaítear na fostáisiúin ardvoltais ina dhá chatagóir de réir an voltais soláthair, i.e. 38kV nó Meánvoltas.
- Tugtar ar an léarscáil freisin an áit a bhfuil gach fostáisiún meánvoltais/ísealvoltais 3 phas agus an acmhainn éilimh atá ar fáil ag na fostáisiúin sin.Bheadh na sonraí acmhainne ísealvoltais áisiúil do chustaiméirí atá ag iarraidh éileamh níos lú ná 500kVA a nascadh. Gnólachtaí beaga, feirmeoirí agus tionscadail bheaga phobail is mó a mbeadh spéis acu sa scála seo. Dá bhfreastalódh an acmhainn atá léirithe ar do chuid riachtanas, d’fhéadfá a bheith cinnte go leor nach mbeadh aon obair forbartha nua ag teastáil ar an bhfostáisiún. Bíodh sin mar atá, d'fhéadfadh mionsonraí a bhaineann go sonrach leis an láithreán, amhail a ghaireacht don fhostáisiún agus rochtain fhisiciúil air, teorainn a chur leis na féidearthachtaí go ginearálta.
- Ní shonraítear an acmhainn atá ar fáil i gcomhair giniúint ísealvoltais mar gheall ar na nithe eile a chaithfear a chur sa mheá a bhaineann go sonrach leis an láithreán, féach pointe Uimh. 5 thíos.
- Tá dathchódú ar na pionnaí ar an léarscáil de réir na raonta den acmhainn atá ar fáil, agus is féidir iad a scagadh astu féin. Is féidir scagadh a dhéanamh go neamhspleách de réir leibhéal voltais freisin.
Cén chaoi a mbeadh a fhios agam cén fostáisiún a bhaineann le mo láithreán?
- I gcás fostáisiúin ísealvoltais, bain úsáid as an léarscáil le do láithreán a aimsiú agus ansin aimsigh an fostáisiún ísealvoltas is gaire dó. Is iondúil go gcaithfeadh an fostáisiún a bheith faoi 300m de do láithreán le bheith oiriúnach lena nascadh ag ísealvoltas, murach sin chaithfí fostáisiún nua a sholáthar níos gaire duit.Taispeántar chomh maith sa bhosca aníos an máthair-fhostáisiún ardvoltais a sholáthraíonn an fostáisiún ísealvoltais. Seiceáil cén chaoi a bhfuil acmhainn an mháthair-fhostáisiúin chomh maith.
- Maidir le fostáisiúin ardvoltais, is é an bealach is fearr lena fháil amach cén ceann a sholáthraíonn do láithreán ná an fostáisiún ísealvoltais is gaire dó a fháil sa chaoi gur féidir sainaithint a dhéanamh ar a mháthair-fhostáisiún. Breathnaigh ar an bhfostáisiún ardvoltais lena fháil amach cé mhéad acmhainne atá ar fáil. Faigh amach céard é a mháthair-fhostáisiún freisin má tá ceann luaite sa phainéal aníos.
An gciallaíonn an luach ‘Acmhainn atá ar Fáil’ gur féidir liom an méid sin a nascadh?
Ní gá go gciallódh. Tá go leor saincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an láithreán agus seiceálacha teicniúla mionsonraithe nach mór a chomhlánú chun an dearbhú sin a thabhairt agus ní féidir iad sin a dhéanamh ach mar chuid d'iarratas. Seo thíos cuid de na tosca a mbíonn tionchar acu ar an bhfreagra:
- An mise an chéad duine a bhfuil iarratas déanta aige? Eisítear na tairiscintí nasctha uile ar bhonn ‘tiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin’. Mar sin, tá an seans ann go ndearna custaiméir eile iarratas romhatsa agus go mbeidh cion den acmhainn a bhí ar fáil á úsáid aige nuair a thiocfaidh do sheal.
- Gaireacht don fhostáisiún: is gnách i gcás ísealvoltais go gcaithfidh tú a bheith faoi 300m den fhostáisiún agus i bhfad níos gaire dó más ag brath ar ardleibhéal acmhainne ísealvoltais a bheidh tú. Maidir le ciorcaid 38kV agus meánvoltais, ní féidir a bheith cinnte go mbeadh an acmhainn ann, agus d’fhéadfadh sé go gcaithfí línte nua a thógáil nó ceann atá ann cheana a uasghrádú sa chás sin.
- Uaireanta bíonn fostáisiúin ardvoltais ina máthairsholáthar d’fhostáisiúin iartheachtacha eile. I gcás go bhfuil acmhainn theoranta ag an máthair-fhostáisiún, beidh teorainn le hacmhainn gach mac-fhostátáin chomh maith. Ina theannta sin, mura mbaineann ach aon mhac-fhostáisiún amháin úsáid as an acmhainn ar fad atá ar fáil, ní bheidh aon acmhainn bhreise ar fáil do na mac-fhostáisiúin eile. Caithfear an cineál idirghníomhaíochta seo a choinneáil faoi bhreathnú ar bhonn leanúnach lena chinntiú nach rólódáiltear an córas.
- D’fhéadfadh idirghníomhaíocht den chineál céanna tarlú ar chiorcaid ar a bhfuil acmhainn ar fáil, mar dhea, ach nach féidir conradh a dhéanamh ina leith mar gheall ar mhéaduithe custaiméara ar chiorcaid eile a bhfuil foinse choiteann acu, rud a fhágann go bhfuil teorainn acmhainne leo go léir.
- Tá sé iontach deacair plé le giniúint, is cuma cén voltas atá i gceist, toisc gur beag is féidir a dhéanamh le freastal ar an ardú gaolmhar voltais. Bíonn géaréifeacht aige sin ar a ghaire a chaithfidh an láithreán a bheith d’fhostáisiún.
- Bíonn tionchar ag lóid shuaiteacha, amhail caochaíl agus astaíochtaí armónacha, ar an acmhainn atá ar fáil freisin.
- D’fhéadfadh an acmhainn a deirtear atá ar fáil a bheith níos mó ná an rátáil uasta le haghaidh comhpháirt líonra aonair, mar acmhainn chlaochladáin nó acmhainn chaighdeánach naisc ciorcaid. Ina leithéid de chásanna, is í an chomhpháirt líonra áirithe sin a chuirfidh teorainn le custaiméir/nasc aonair agus, dá bhrí sin, ní bheidh sé in ann leas a bhaint as an acmhainn iomlán a deirtear atá ar fáil.
Cén fáth nach luaitear aon luachanna sonracha maidir leis an acmhainn atá ar fáil do ghiniúint ísealvoltais?
Tá rangúchán ginearálta (Dearg/ Ómra/Dubh) sannta do gach fostáisiún de réir na hacmhainne a ríomhtar a bheith ar fáil. Níl an bhrí chéanna leis na dathanna ag brath ar cibé acu atá Ardvoltas agus Ísealvoltas nó Éileamh agus Giniúint i gceist, mar atá leagtha amach thíos:
ÉILEAMH: 38kV agus meánvoltas
GLAC Níos mó ná 5MVA
ÓMRA Idir 0 agus 5MVA
DUBH Níl aon acmhainn ar fáil
Giniúint: 38kV agus meánvoltas
GLAS Níos mó ná 15MVA
ÓMRA Idir 0 agus 15MVA
DUBH Níl aon acmhainn ar fáil
Éileamh agus Giniúint: LV
GLAS Níos mó ná 200kVA
ÓMRA Idir 20 agus 200kVA
BLACK Níl fáil ach ar 20kVA nó níos lú ná sin
Is féidir naisc a dhéanamh leis na fostáisiúin/claochladáin a bhfuil rangúchán foriomlán DUBH acu fós, ach d'fhéadfadh sé go gcaithfí obair shuntasach threisithe a dhéanamh ar an líonra leis na srianta líonra a shárú.
Cén chaoi ar táirgeadh na sonraí?
Cuireadh na sonraí i dtoll a chéile de réir anailís bhunúsach ar an acmhainn chlaochladáin atá ar fáil, ar na lóid atá ann cheana agus ar na gealltanais chonarthacha atá tugtha do chustaiméirí nua. Níl san áireamh gnéithe mionsonraithe measúnaithe atá riachtanach le tairiscintí nasctha a eisiúint, amhail acmhainn ciorcad réamhtheachtach agus riachtanas teagmhais seirbhíse.
Céard air a bhfuil na figiúirí maidir leis an acmhainn atá ar fáil bunaithe?
- Acmhainn stáisiún ardvoltais i ngeimhreadh 2019/20.
- Acmhainn stáisiún meánvoltais ag tús mhí na Bealtaine 2020.
- Tagann an fhaisnéis bhonnlódála ó Shainléamha Lóid 2019/20, a n-áirítear leo Laglódáil an tSamhraidh 2019 a úsáidtear san obair ullmhúcháin maidir le hacmhainn ghiniúna.
- Tá san áireamh sa ríomh maidir le héileamh conarthaí agus tairiscintí éilimh suas go dtí an 28 Meán Fómhair 2020.
- Tá san áireamh sa ríomh maidir le giniúint conarthaí agus tairiscintí giniúna suas go dtí an 28 Meán Fómhair 2020.
Cé chomh minic a dhéantar nuashonrú ar an Léarscáil Acmhainne Líonra?
Déantar an Léarscáil Ghiniúna a nuashonrú uair sa ráithe. Déantar an Léarscáil Éilimh a nuashonrú uair sa bhliain.
An bhfuil suíomh na bhfostáisiún cruinn?
Níl i suíomh na bhfostáisiún ardvoltais ach treoir. Tá suíomh na bhfostáisiún meánvoltais/ísealvoltais beacht, áfach.
Cá fhad a thógann nasc?
I gcás go bhfuil go leor acmhainne ar fáil san fhostáisiún ardvoltais, is éard a bhíonn i gceist le naisc mheánvoltais suas le 10MVA de ghnáth ná líonra nua línte lasnairde nó cáblaí faoi thalamh a thógáil, oibreacha sibhialta gaolmhara agus mionoibreacha ar an stáisiún féin. Is iondúil nach gá cead pleanála a fháil. Ní bheifí ag súil go dtógfadh a leithéid d’oibreacha níos mó ná 6-9 mí. Mar sin féin, thógfadh sé ní ba mhó ama i gcás go mbeadh obair shuntasach de dhíth ar an stáisiún, amhail claochladán nua nó lascthrealamh meánvoltais a shuiteáil. B'fhéidir go mbeadh cead pleanála ag teastáil chomh maith agus bheifí ag súil go dtógfadh an próiseas ar fad thart ar 2-3 bliana sa chás sin.
Is iondúil gur féidir naisc ísealvoltais a chur i gcrích laistigh de 6 mhí ón iarratas.
Céard iad na pointí tábhachtacha eile ba cheart a choinneáil i gcuimhne maidir leis na sonraí ar an léarscáil?
- Níl sa léarscáil ach treoir agus caithfear iarratas iomlán foirmiúil a dhéanamh leis an acmhainn líonra a dhéanamh amach i ndáiríre.
- Ní thugtar ar an léarscáil figiúirí acmhainne le haghaidh an naisc deiridh ón bhfostáisiún ardvoltais go háitreabh an chustaiméara. Ar an líonra meánvoltais (10kV nó 20kV) atá ann cheana a bheidh naisc den sórt sin agus caithfear an-chuid athróg a chur sa mheá lena dhéanamh amach an bhfuil fáil ar acmhainn. Mar sin, caithfear measúnú saincheaptha a dhéanamh.
- I roinnt cásanna, d'fhéadfadh sé go mbeadh conradh déanta cheana le custaiméirí aonair maidir leis an acmhainn atá ar fáil de réir na Léarscáile Éilimh ach nach bhfuil an acmhainn sin ar fad á húsáid acu faoi láthair.
- Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an acmhainn chéanna ar fáil ar líonraí réamhtheachtacha an DSO fiú dá dtabharfadh an fhaisnéis sna Léarscáileanna Giniúna agus Éilimh le fios go mbeadh.
- Aon mhéadú ar an lód ar an gCóras Dáileacháin, beidh tionchar aige ar an gCóras Tarchurtha réamhtheachtach chomh maith agus d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le hobair threisithe ar an gCóras Tarchurtha le freastal ar na lóid sin. Déanfaidh an TSO é sin a mheas ar leithligh.
- Ní féidir le nasc aonair a bheith níos mó ná acmhainn claochladáin aonair. I gcás 38kV agus meánvoltais, is éard atá san acmhainn a deirtear atá ar fáil ná iomlán na gclaochladán ar fad san fostáisiún sin ag an voltas iomchuí. I gcásanna áirithe mar sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ní ba mhó ná nasc amháin ag teastáil leis an acmhainn iomlán a úsáid. (Tabhair faoi deara nach gceadaítear níos mó ná nasc amháin a bheith ag áitreabh aonair).