Sábháilteacht ar an bhFeirm

Leictreachas agus Sábháilteacht ar an bhFeirm

Cuir eolas ar na guaiseacha, seachain na rioscaí. Fan 3 mhéadar ar a laghad amach ó shreanga leictreachais i gcónaí. I gcás éigeandála, glaoigh ar ár n-uimhir éigeandála 24/7 ar 1800 372 999


Comhairle Shábháilteachta do Bhainteoirí Sadhlais (003)

(PDF | 168 KB)

Seachtain Náisiúnta na Sábháilteachta ar an bhFeirm

Mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na Sábháilteachta ar an bhFeirm, thugamar cuairt ar roinnt daoine a bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar a saol de dheasca timpiste ar an bhfeirm. Cuireadh na físeáin ghairide seo a leanas le chéile i gcomhar leis an Irish Farmers Journal mar chuid de chomhthionscnamh idir ESB Networks agus an Irish Farmers Journal maidir le Feirmeacha Sábháilte Teaghlaigh.

Sna físeáin seo, a cruthaíodh leis an Irish Farmers Journal, insítear scéalta daoine ar athraíodh a saol ó bhonn de dheasca timpiste ar an bhfeirm.

Físeáin maidir le Seachtain Náisiúnta na Sábháilteachta ar an bhFeirm

bailing hay

Sampla de thimpistí a tharla roimhe seo

  • Táthú i seid feirme
  • Fál leictreach a nascadh le foinse 230 Volta
  • Bliteoir a bhí beo le leictreachas de dheasca sreangú lochtach
  • Buainteoir sadhlais a tháinig i dteagmháil le sreang leictreachais lastuas
  • Adhmad a ghearradh gar do sreang leictreachais lastuas.
  • Cábla sínteach a úsáid le scairdní a dhéanamh ar chró bó
  • Daoine a fuair bás de bharr gur tháinig siad i dteagmháil le leictreachas 'beo' de thaisme.  
  • Buainteoirí foráiste, comhbhuainteoirí nó leantóirí inchlaonta a tháinig i dteagmháil le línte lastuas.
  • Damáiste do chuaillí, sreangtheanntáin agus sreanga talún cosantaí.  

Físeán faoi Shábháilteacht ar an bhFeirm

Na 7 nguais leictreacha is mó ar fheirmeacha

  • Sreanga leictreachais leagtha
  • Sreangú
  • Uirlisí iniompartha
  • Nascadh agus voltas fáin
  • Fálta leictreacha
  • Gineadóirí cúltaca
  • Innealra agus lóid arda

Breathnaigh ar an PDF

(PDF | 1MB)

Na Rialacha Náisiúnta um Shreangú Fearas Leictreach

Tá forálacha ar leith sna Rialacha Náisiúnta um Shreangú Fearas Leictreach d'áitribh thalmhaíochta agus ghairneoireachta. Mar shampla, sonraítear sna rialacha na cineálacha lasc, soicéad, barraí plocóide agus feistithe solais a chaithfear a úsáid i bhfearas feirme. Ní ceart feistithe tí a úsáid i bhfearas feirme in aon chás.

Iarr ar do chonraitheoir leictreach cláraithe obair leictreach a dhéanamh duit i gcónaí.

Tá muid anseo 24/7
Cás Éigeandála / Gan Chumhact
1800 372 999
or 353 21 2382410
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30