Goid Miotail

Tá goid miotail ó threalamh ESB Networks ina fhadhb mhór le blianta beaga anuas agus bíonn gach duine thíos léi.

Tarlaíonn gearrthacha cumhachta dá deasca, a chuireann isteach ar theaghlaigh, ar ghnóthais agus ar an ngeilleagar. Cuireann sé ár bpobail i mbaol freisin mar is minic a fhágann na gadaithe bail bhaolach ar an trealamh.

Bímid ag faire go géar ar an Líonra Leictreachais sa chaoi go dtugaimid freagra láithreach nuair a dhéantar gadaíocht leis an trealamh a dhéanamh sábháilte agus an chumhacht a thabhairt ar ais chomh tapa agus is féidir.

Focal Sábháilteachta don Phobal:Má thagann tú ar shreanga tite nó ar bhonneagar leictreachais agus drochbhail air, ná téigh gar dóibh agus ná leag lámh orthu in aon chás mar tá siad BEO agus thar a bheith contúirteach. Cuir glao ar 1800 372 999 chun damáiste do bhonneagar leictreachais a thuairisciú

Gníomhaíocht Amhrasach a Thuairisciú

Tá Crimestoppers, an Garda Síochána agus ESB Networks ag éileamh ar ar an bpobal a bheith ag faire amach do ghníomhaíocht amhrasach agus aon fhaisnéis a chur faoina mbráid. Is féidir faisnéis den sórt sin a thabhairt gan d'ainm a lua ar sheirbhís teileafóin rúnda Crimestoppers ach glao a chur ar 1800 25 00 25.

Bíonn cárta aitheantais fhótagrafaigh ag gach duine d'fhoireann ESB Networks agus beidh siad lánsásta é a thaispeáint duit ach é a iarraidh. Má fheiceann tú aon ghníomhaíocht amhrasach gar do threalamh ESB Networks, tuairiscigh láithreach é do ESB Networks ar 1800 372 999+353 21 2382410 (24 uair an chloig/7 lá sa tseachtain).

Cailleadh Soláthair

Má chailleann custaiméir a sholáthar leictreachais, is féidir leis nuashonruithe a fháil agus a fháil amach cén uair a mheastar a bheidh an locht deisithe ag PowerCheck. Ba cheart do chustaiméirí a MPRN a bheith acu le teacht ar an bhfaisnéis thaifeadta a bhaineann lena suíomh féin. Cuirtear a thuilleadh eolais ar fáil trí Twitter @ESBNetworks.

PowerCheck


Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30