Bí i do Phrintíseach le ESB Networks
Our 2023 Electrical Apprenticeship Recruitment Campaign is now open for applications.
Cúiseanna le dul isteach inár gClár Printíseachta
Cuirimid clár íoctha 4 bliana ar fáil i dtreo teastas ceirde sa leictreachas (cáilíocht QQI Ardleibhéal 6 do dhaoine a bhfuil 16 bliana slánaithe acu).
Na Buntáistí:
- Obair a dhéanamh i dtimpeallacht foirne
- Foghlaim sa seomra ranga agus taithí phraiticiúil araon
- Gnéithe de shaol an choláiste agus den oiliúint sa phost ag an am céanna
- Deis a bheith ag obair faoi dhíon agus amuigh faoin spéir
- Teastas ceirde sa leictreachas (cáilíocht QQI Ardleibhéal 6), a aithnítear go hidirnáisiúnta
Teicneoir Gréasáin Printíseach na Bliana in ESB Networks
Gach bliain, téann ceathrar Printíseach Leictreacha de chuid ESB Networks atá ina mbliain dheiridh san iomaíocht le chéile le teacht ar Theicneoir Gréasáin Printíseach na Bliana. Tugann ár bprintísigh faoi chuid de na dúshláin a bhíonn le sárú ag Teicneoirí Gréasáin gach lá, rud a léiríonn an ról atá againn le muintir na hÉireann a nascadh leis an saol glan leictreach atá i ndán dúinn.
Printíseachtaí
Lámhleabhar Printíseachtaí
