Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht

Tá ESB Networks ag tabhairt ceannasaíochta san aistriú i dtreo saol ísealcharbóin a bheidh iontaofa inacmhainne. Saol é sin a bheidh á chumhachtú ag leictreachas glan inbhuanaithe.

Anseo in ESB Networks, beimid ag feidhmiú i gcónaí inár ngnóthaí ar bhealach ar féidir linn a bheith bródúil as ár bhfeidhmíocht i leith an chomhshaoil agus cúrsaí inbhuanaitheachta.

 


Tuarascáil Feidhmíochta Comhshaoil ESB Networks - 2020

Fáilte go Tuarascáil Feidhmíochta Comhshaoil ESB Networks, 2020. Sa tuarascáil seo cuirfidh tú eolas ar na gnéithe dár ngnó a bhaineann le cúrsaí comhshaoil agus inbhuanaitheachta. Tá súil againn go mbeidh an t-eolas sin áisiúil duit

 

Íoslódáil an PDF | 2MB 2021

Download Pdf  | 2MB  2020 

Download PDF | 6 MB 2022

 

 

Ár gCur Chuige i leith na hAthchúrsála agus na Dramhaíola

Tá ESB Networks an-dáiríre faoi shaincheist na bainistíochta dramhaíola agus tá na croíphrionsabail seo a leanas mar bhonn faoinár gcur chuige i leith na saincheiste seo:

  • Tá sé mar aidhm againn táirgeadh gach cineáil dramhaíola a íoslaghdú agus saincheisteanna diúscartha dramhaíola a chur sa mheá agus ábhar agus trealamh á gceannach againn.
  • Déanaimid iarracht i gcónaí deiseanna a aithint le dramhaíl a athchúrsáil agus is aidhm linn i gcónaí cur le húsáid ábhar in-athchúrsáilte.
  • Déanaimid gach dramhaíl iarmharach a dhiúscairt ar bhealach sábháilte, freagrach. Ní úsáidimid ach comhlachtaí bainistíochta dramhaíola atá ceadaithe agus ceadúnaithe go cuí.

Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi chur chuige ESB Networks maidir le hathchúrsáil agus dramhaíl sa  Tuarascáil Bhliantúil Chomhshaoil is déanaí.

Léitheoireacht bhreise

Déan teagmháil linn