Céim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2) - Nóta faisnéise maidir le hOibritheoir Córais.

Ar mhaithe le comhairle shoiléir a chur ar iarratasóirí a nglactar lena n-iarratas a bheith curtha i gcrích faoi láthair agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar bhaisc ECP-2 gan aon éarlais nua le híoc acu, féach an méid thíos ina dtugtar le fios na hathruithe le sonraí ar an iarratas a nglacfaidh na hOibreoirí Seirbhíse leo:

Sonraí ar an iarratas ar féidir iad a athrú:

Eolas ginearálta

  • Ainm an iarratasóra1
  • Seoladh an iarratasóra/seoladh cláraithe, Cláruimhir na Cuideachta.
  • Pointe teagmhála, ríomhphost/uimhir fóin/seoladh teagmhála.
  • Ainm na saoráide
  • An dáta is fearr don nascadh (ní bhaineann sé seo ach le hiarratais tarchurtha)
  • Laghdú ar MEC (ní cheadaítear ach laghdú ar MEC, i gcomhréir le Rialacha ECP-2 ón gCoimisiún um Rialáil Fóntas)
  • MIC
  • Coibhneasa láithreán hibrideach2
  • An líon ciorcad (ní bhaineann sé seo ach le hiarratais tarchurtha)3

Cód Eangaí/riachtanais rúndachta, srl.

  • Admháil go gcomhlíonfar an Cód Eangaí (ní bhaineann sé seo ach le hiarratais tarchurtha)
  • Comhaontú rúndachta (ní bhaineann sé seo ach le hiarratais tarchurtha)
  • Toiliú an úinéara talún4

 

1 Más rud é go bhfuiltear tar éis Cuideachta Theoranta lena mbaineann iarratas a nuachan, srl, ó rinneadh an t-iarratas i dtús báire, beidh deimhniú ina leith sin ón dá pháirtí ar pháipéar sainchlóite na cuideachta ag teastáil ón Oibritheoir Córais.

2 Níl cead ag iarratasóirí an cineál teicneolaíochta a sonraíodh ar an gcéad fhoirm iarratais a athrú. Mar sin féin, má luaigh an t-iarratasóir i dtús báire go raibh dhá chineál teicneolaíochta nó níos mó le tógáil mar chuid den aon iarratas amháin, sa chás sin bheifí in ann an sciar den MEC a thabharfaí do gach cineál teicneolaíochta a nuashonrú.

3 Féadfar líon na gciorcad nasctha a theastaíonn ón iarratasóir ar chúiseanna teicniúla agus/nó slándála a nuashonrú.

4 Má theastaíonn ón iarratasóir go mbeidh toiliú an úinéara talún a tugadh sa chéad iarratas i bhfeidhm, tabhair cóip de chuid an toilithe ón úinéir talún ón gcéad iarratas a rinne tú.

 

Sonraí ar an iarratas ar féidir athruithe teoranta a dhéanamh orthu:

Suíomh5

  • Seoladh na saoráide
  • Comhordanáidí eangaí
  • Léarscáileanna, léaráidí, pleananna láithreáin, srl.

5 Ní féidir an tsaoráid a bhogadh chuig áit eile ach amháin i gcomhréir le Cinneadh ECP-1, CRU/18/058, agus de réir mar atá leagtha amach i gCinneadh ECP-2, CRU/20/060, alt 4.6.

 

Sonraí ar an iarratas nach féidir iad a athrú (ní liosta iomlán é seo):

Sonraí teicniúla

  • An cineál teicneolaíochta
  • An Uasacmhainn Easpórtála (MEC) a mhéadú – dá mbeifí chun an MEC a mhéadú, bheadh foirm iarratais eile de dhíth agus chaithfí leis mar a bheadh iarratas nua ann

Foirm Iarratais ‘iomlán’ (NC5)

I gcás iarratasóirí a bhfuil foirm iarratais ‘iomlán’ (NC5) comhlánaithe acu (seachas Foirm Iarratais Critéar Laghdaithe NC5A), féadfaidh iarratasóirí faisnéis theicniúil a tugadh cheana a nuashonrú anuas ar na pointí soiléirithe seo thuas gan a bheith ag teacht salach orthu. I gcás aon leasuithe (m.sh., monaróir, déanamh, voltas aonad na giniúna, srl., agus aon torthaí/tuairiscí tástála lena mbaineann) a chuirtear isteach mar pháirt den fhoirm iarratais nua, caithfidh siad a bheith i gcomhréir leis an gcead pleanála bailí reatha don tionscadal.


I gcás iarratasóirí atá ag iarraidh a bheith curtha san áireamh i mbaisc ECP-2, caithfidh siad foirm iarratais iomlán comhlánaithe nua (‘Foirm Critéar Laghdaithe’ nó ‘Foirm Iomlán’) a chur isteach, léarscáileanna, léaráidí, srl., san áireamh, mar aon le deimhniú go bhfuil cead pleanála ann don tionscadal.

Má bhíonn aon cheisteanna eile agat a bhaineann le foirm iarratais, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig an Oibreoir Córais cuí:

Oibreoir an Chórais Dáileacháin:DSOGenerators@esb.ie

Oibreoir Córais Tarchurtha:OPMO@EirGrid.com


 

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn