Mo chuid sonraí Cliste
Rochtain a fháil ar na sonraí ó do mhéadar cliste
Is féidir le custaiméirí a bhfuil méadar cliste acu dul isteach ina gCuntas ar Líne ESB Networks anois le teacht ar shonraí faoin méid leictreachais atá siad tar éis a úsáid agus a easpórtáil.
Is féidir breathnú ar léiriú grafach de na sonraí úsáide agus easpórtála sin, rud is féidir a íoslódáil freisin mar Chomhad Comhchuibhithe Iníoslódála (HDF). Tusa amháin atá in ann rochtain ar do chuid sonraí.
Is i gcileavatanna a léirítear na sonraí agus taifeadtar gach leathuair i dtréimhse 24 uair an chloig iad. Déanann ESB Networks na sonraí sin a nuashonrú ag deireadh gach lae, rud a fhágann go mbeidh sonraí an lae inniu le feiceáil amárach.
Tabhair faoi deara go bhfuil an tseirbhís seo á tabhairt isteach faoi láthair agus go bhféadfadh sé go dtógfadh sé roinnt míonna sula mbeadh fáil ag gach uile chustaiméir ar a chuid sonraí.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le sonraí tomhaltais ó mhéadair chliste, téigh chuig leathanach na gCeisteanna Coitianta anseo.
Mo chuid sonraí Cliste
Cláraigh inniu chun sonraí do mhéadair chliste a fheiceáil
Má dhéanann tú cuntas a chruthú le ESB Networks, beidh tú in ann teacht ar réimse leathan seirbhísí, na cinn seo ina measc:
- Déan rochtain ar na sonraí méadair chliste le haghaidh na n-ionad maoine atá agam
- Féachaint ar an stádas a bhaineann le haon ghearradh cumhachta i m’ionad maoine
- Faigh mo MPRN
- Cuir isteach léamh méadair
Le clárú le ESB Networks, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
D’uimhir MPRN - is féidir leat do MPRN a fháil ar do bhille leictreachais. Le heolas breise a fháil, cliceáil anseo. Mura bhfuil do MPRN ar eolas agat, is féidir leas a bhaint as an tseirbhís Faigh mo MPRN ar Mo Chuntas.
Uimhir fóin póca - iarrfaimid ort próiseas fíordheimhnithe déshraithe a chur i gcrích le do chuid sonraí a chosaint.
Is tábhachtach go dtabharfaidh tú an t-ainm, uimhir fóin póca agus seoladh ríomhphoist céanna dúinne agus a thug tú don soláthraí leictreachais
Is féidir úsáid a bhaint as an tseirbhís mar aoi le léamh méadair a chur isteach gan cuntas a chruthú.