ESB Networks DAC Board

Rinneadh ESB Networks CGA a chorprú an 8 Nollaig 2008 mar fhochuideachta faoi lánúinéireacht Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB). Dílsíodh ESB Networks CGA mar Oibritheoir Córais Dáileacháin ar an 1 Eanáir 2009 de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach, 2008 (I.R. Uimh. 280 de 2008). Tá sé freagrach as oibriú, cothabháil agus forbairt an chórais dáileacháin leictreachais sa Stát.

Tá a bhord féin ag ESB Networks CGA a bhfuil cúigear (5) comhaltaí air faoi láthair. Sonraítear in Airteagail Chomhlachais ESB Networks CGA nach mbeidh beirt ar a laghad de na stiúrthóirí ina bhfostaithe, ina gconraitheoirí ná ina sainchomhairleoirí de chuid ESB, ná fochuideachtaí dá chuid, agus go mbeidh siad neamhspleách ar leas ESB. Is iad Caroline Spillane agus Ian Talbot a ceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha de bhun an cheanglais sin.

 

Marguerite Sayers, Cathaoirleach

Ceapadh Marguerite Sayers ina stiúrthóir agus ina Cathaoirleach ar Bhord ESB Networks CGA i mí Iúil 2022. Tá sí ina Leas-Phríomhfheidhmeannach freisin ar BSL agus roimhe sin, bhí sí ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Réitigh do Chustaiméirí BSL agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ar ESB Networks DAC.  D’oibrigh sí i bpoist theicniúla agus bhainistíochta éagsúla le BSL le breis agus 30 bliain, lena n-áirítear Bainisteoir Giniúna agus Ceann Bainistíochta Sócmhainní do ESB Networks. Tá céim bainte amach aici san Innealtóireacht Leictreach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is Innealtóir Cairte í, chomh maith le bheith ina Comhalta agus Iar-Uachtarán ar Innealtóirí Éireann, Comhalta d'Acadamh na nInnealtóirí, ball de Bhord Energy UK agus Gobharnóir ar Iontaobhas an Irish Times

Nicholas Tarrant, Stiúrthóir

Ceapadh Nicholas Tarrant ina Stiúrthóir Bainistíochta ar ESB Networks, agus ina Stiúrthóir ar ESB Networks DAC i mí Mheán Fómhair 2021.  Roimhe seo, d’oibrigh sé mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Innealtóireachta agus Mhórthionscadail BSL agus mar Stiúrthóir Bainistíochta ar Líonraí Leictreachais Thuaisceart Éireann. Bhí roinnt post sinsearach bainistíochta aige, lena n-áirítear Bainisteoir Giniúna a raibh freagracht as punann ghiniúna BSL air. Is innealtóir cairte é in Institiúid Innealtóirí na hÉireann, is Stiúrthóir Cairte é agus tá MSc sa Bhainistíocht bainte amach aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Michael Nolan, Stiúrthóir

Ceapadh Michael Nolan ina stiúrthóir neamhspleách ar Bhord ESB Networks DAC i mí na Bealtaine 2022. Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe, Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil Oxford é Michael, agus tá cúlra aige i mbonneagar agus oibríochtaí iompair. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach agus ina Chomhalta Boird ar Bhonneagar Iompair Éireann (2015-2020), agus ina Cheann ar Mhórthionscadail agus Chláir Chaipitil ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta (2007-2015). D’oibrigh Michael i róil éagsúla Údaráis Áitiúil, mar cheannaire ar thionscadail mhótarbhealaigh idiruirbeacha éagsúla go príomha. Chaith sé tamall freisin ina chathaoirleach ar Ghrúpa Oibre Choimisiún Forbartha an Iarthair ag forbairt Innéacs Soghluaisteachta Inbhuanaithe. Tá Michael ina chomhalta freisin de Bhord an Chláir BusConnects. In 2021, cheap an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael ina Chathaoirleach ar an nGrúpa Comhairleach um Mórthionscadail. Is Innealtóir Cairte é Michael agus is Comhalta d’Innealtóirí Éireann é freisin.

Caroline Spillane, Stiúrthóir

Ceapadh Caroline Spillane ina stiúrthóir neamhspleách ar Bhord ESB Networks DAC i mí na Bealtaine 2019. Chuaigh Caroline i mbun ról an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin ar Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn i mí Iúil 2022. D’oibrigh Caroline i roinnt ról sinsear ceannaireachta, lena n-áirítear an ról is déanaí a bhí aici mar Ard-Stiúrthóir Innealtóirí Éireann, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na nDochtúirí Leighis in Éirinn, agus Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin a bhfuil taithí aici í Caroline agus í ag fónamh ar roinnt bord sna hearnálacha sláinte, teicneolaíochta agus taighde. Is céimí le heacnamaíocht de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh í, tá Máistreacht bainte amach aici ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus tá sí i mbun Dhochtúireacht ghairmiúil le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt i láthair na huaire

Ian Talbot, Stiúrthóir

Ceapadh Ian Talbot ina stiúrthóir neamhspleách ar Bhord ESB Networks DAC i mí na Bealtaine 2019.  Tá Ian ina Phríomhfheidhmeannach ar Chambers Ireland agus ina Ard-Rúnaí ar Chomhlachas Idirnáisiúnta Tráchtála Éireann. Roimh na ceapacháin sin, d’oibrigh Ian mar Stiúrthóir ar Citigroup agus JP Morgan Chase in Éirinn ar feadh 18 mbliana. Bhain sé cáilíocht amach mar Chuntasóir Cairte le Price Waterhouse, agus d’oibrigh sé in oifigí na cuideachta sin i mBaile Átha Cliath agus i Lucsamburg. Tá céim MA agus BBS bainte amach aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sé ina Leas-Uachtarán ar Eurochambres, ina bhall den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, agus ina Stiúrthóir ar Skillnet Ireland.

Marie Sinnott, Rúnaí na Cuideachta

Tá Marie Sinnott ina Rúnaí Cuideachta ar ESB Networks DAC, agus ina Rúnaí Cuideachta Grúpa ar BSL. Sular ceapadh in 2019 í, bhí Marie ina Ceannaire Grúpa ar Chomhlíonadh agus Bainistíocht Riosca Fiontair in BSL agus roimhe sin, d’oibrigh sí i roinnt ról bainistíochta sinsearaí ar fud na heagraíochta. Is céimí tráchtála de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain sí MSc amach sa Staidéar Beartas Eacnamaíoch ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Dioplóma Iarchéime i Rialachas Corparáideach ó Scoil Chéimithe Gnó Michael Smurfit UCD. Tá Marie ina ball d’Údarás Rialaithe Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus ina Stiúrthóir agus ina Rúnaí Cuideachta ar Bhord na hInstitiúide Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha.

Get in Touch
Phone
1800 372 757
Email
Contact Us