Méadar a Léamh: an tAistear

Cruthaigh do ‘Chuntas ar Líne ESB Networks’ agus cuir isteach do léamh méadair is déanaí 

Má dhéanann tú cuntas ar líne a chruthú le ESB Networks, beidh tú in ann teacht ar réimse leathan seirbhísí, na cinn seo ina measc: 

  • Léamh méadair a chur isteach
  • D’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) a aimsiú
  • Stádas d’áitribh ó thaobh gearradh cumhachta de a sheiceáil
  • Fáil a bheith agat ar na sonraí ó mhéadar cliste d’áitribh

Cruthaigh mo Chuntas

Le Cuntas ar Líne ESB Networks a chruthú, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait: 

  • D’uimhir MPRN - is féidir leat do MPRN a fháil ar do bhille leictreachais.  Le heolas breise a fháil, cliceáil anseo.  Mura bhfuil do MPRN ar eolas agat, is féidir leas a bhaint as an tseirbhís “Aimsigh mo MPRN” atá ar fáil laistigh de do Chuntas ar Líne ESB Networks. 
  • Uimhir fóin póca - iarrfaimid ort próiseas fíordheimhnithe déshraithe a chur i gcrích le do chuid sonraí a chosaint.
  • Is tábhachtach an rud é go dtabharfaidh tú an t-ainm agus an uimhir fóin póca chéanna dúinne agus a thug tú do do sholáthraí leictreachais.

Cuir isteach léamh méadair gan cuntas a chruthú

Más mian leat léamh méadair a chur isteach gan cuntas a chruthú, is féidir leat é sin a dhéanamh anseo.

 

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil