Beir Bua ar an mBuaic: Forbhreathnú

Céard is ‘Beir Bua ar an mBuaic’ ann?

Agus Éire ag brath níos mó agus níos mó ar an nginiúint leictreachais in‑athnuaite an geimhreadh seo, beidh an córas leictreachais faoi bhrú. Tá plean ag Éirinn cur leis an méid fuinnimh a fhaighimid ón ngaoth agus ó fhoinsí in‑athnuaite eile i dtreo neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach san am atá le teacht. Mar sin féin, ní mar an gcéanna a bhíonn an ghaoth i gcónaí agus fágann an easpa acmhainní cúltaca giniúna atá ar fáil go bhfuil an baol ann nach mbeidh an soláthar cumhachta in ann coinneáil suas leis an éileamh an geimhreadh seo. 

Tá roinnt comhlachtaí de chuid an Rialtais ag obair as lámha a chéile ar bhearta chun aon chur isteach sna míonna amach romhainn a choinneáil ó dhoras. Is mó an riosca seo ag na buaic‑amanna idir 5 i.n. agus 7 i.n., Luan go hAoine.  

Tá tionscnaimh curtha ar bun ag ESB Networks faoi scáthchlár darb ainm ‘Beir Bua ar an mBuaic’ arb aidhm leis dul i gcomhar le custaiméirí tí agus tráchtála ar fud na tíre agus ár gcion féin a dhéanamh le chéile chun bua a bhreith ar an mbuaic, .i. eagraíochtaí a spreagadh chun gearradh siar ar an leictreachas ag an mbuaic‑am agus tacú le custaiméirí tí smacht a fháil ar an méid leictreachais a úsáideann siad. Caith súil ar chuid dár gcláir phíolótacha: 

  • Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Tí
  • Beir Bua ar an mBuaic – An Gealltanas do Chustaiméirí Tráchtála
  • Beir Bua ar an mBuaic – An Clár Gníomhach do Chustaiméirí Tráchtála

    Beir Bua ar an mBuaic – Custaiméirí Tí

    Scéim Phíolótach ‘An am maith é seo?’

    Cuireadh an scéim phíolótach ‘An am maith é seo?’ ar bun do chustaiméirí baile ar fud na hÉireann d’fhonn cumasú dóibh smacht a fháil ar an méid leictreachais a úsáidfidh siad an geimhreadh seo. Cláraigh lenár scéim phíolótach le leideanna saincheaptha a fháil a chabhróidh leat an méid leictreachais a úsáideann tú a laghdú ag na buaicuaireanta. Gheobhaidh rannpháirtithe cláraithe faisnéis agus bearta le déanamh le linn buaicimeachtaí (foláirimh ómra) chomh maith.

    Cláraigh anois

    Beir Bua ar an mBuaic – An Gealltanas do Chustaiméirí Tráchtála

    Cuireadh an scéim phíolótach seo ar bun le dul i gcomhar leis an oiread gnólachtaí beaga, meánmhéide agus eagraíochtaí móra tráchtála, leathstáit agus earnála poiblí d’fhonnan t-éileamh ar leictreachas a laghdú i rith na mbuaicuaireanta.

    Iarrfar ar eagraíochtaí a chláraíonn gealltanas a thabhairt roinnt bearta a dhéanamh lena n-éileamh ar leictreachas a laghdú ag na buaicuaireanta. I measc na rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta sin tá “teirmeastait a athrú i spásanna oifige” nó bearta níos casta ar nós “a chinntiú go ndéantar cothabháil rialta ar acmhainní”.

    Tuilleadh eolais

    Beir Bua ar an mBuaic – An Clár Gníomhach do Chustaiméirí Tráchtála

    Cuireadh an scéim phíolótach seo ar bun le dul i gcomhar le húsáideoirí móra fuinnimh (LEUnna) d’fhonn an t-éileamh ar leictreachas a laghdú i rith na mbuaicuaireanta.

    Cuirfidh Úsáideoirí Móra Fuinnimh ar Conradh acmhainní freagartha don éileamh ar fáil trí dhreasachtaí airgeadais chun cabhrú linn Bua a Bhreith ar an mBuaic an geimhreadh seo.

    Tuilleadh eolais
    Get in Touch
    Phone
    1800 372 757