Leideanna Sábháilteachta maidir le Fearais

Leideanna Sábháilteachta

  • Léigh treoracha an déantóra go cúramach i gcónaí sula n-úsáideann tú fearas nua
  • Bí cúramach i gcónaí maidir le fleisceanna agus seiceáil go rialta an cosúil go bhfuil siad caite
  • Ná deisigh fleisc a ndearnadh damáiste di agus ná ceangail píosa eile di mar shíneadh
  • Athchuir aon fhearais nó plocóidí atá briste nó a bhfuil comharthaí orthu gur éirigh siad ró-the
  • Ná húsáid fleisc chun fearas a tharraingt is ná tarraing an fhleisc chun plocóid a tharraingt as an soicéad
  • Ná rólódáil soicéid, úsáid cáblaí sínteacha a bhfuil fiúsanna iontu más gá
  • Tarraing cábla sínteach amach go hiomlán as an gcorna sula n-úsáideann tú é
  • Ná clúdaigh téitheoir leictreach le héadaí ná le hearraí eile
  • Coinnigh téitheoirí amach ó éadaí leapa, ó éadaí agus ó chuirtíní chun baol tine a sheachaint
  • Ná húsáid fearais iniompartha in áiteanna fliucha mar sheomraí folctha nó amuigh sa ghairdín nuair a bhíonn sé ag báisteach

Naisc Bhainteacha

Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30