Róil mar Chomhairleoirí Custaiméara (lonnaithe i gCorcaigh

An bhfuil tú ag smaoineamh ar do chéad phost eile?

Tá ESB Networks ag lorg Comhairleoirí Custaiméirí le bheith ar ár bhFoirne Taithí Custaiméirí atá lonnaithe i Wilton, Co. Chorcaí. Má tá scileanna cumarsáide sármhaithe agat agus má theastaíonn uait nascadh le gairm dhifriúil, lena n-áirítear deiseanna le fás agus le dul chun cinn a dhéanamh b’fhéidir gur duitse an deis seo!

Déan iarratas ar róil lánaimseartha

Déan iarratas ar róil pháirtaimseartha

 

Tar ag obair ar cheann dár bhFoirne Eispéiris Custaiméirí i gCorcaigh

Táimid go léir in ESB Networks ag tacú le hÉirinn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an tsaoil ghlain leictrigh atá romhainn agus ag cur le chéile le cabhrú leis an náisiún neodracht iomlán ó thaobh carbóin de a bhaint amach.

Déan iarratas ar róil lánaimseartha

Déan iarratas ar róil pháirtaimseartha

Tá idir róil lánaimseartha (36.25 uair an chloig) agus róil pháirtaimseartha (25 uair an chloig) ar fáil againn.

Comhairleoirí Custaiméirí in ESB Networks

Mar Chomhairleoir Seirbhíse do Chustaiméirí beidh tú mar chuid dár bhFoirne Taithí Custaiméirí agus beidh tú ag cur tacaíochta ar fáil do gach custaiméir leictreachais. Pléann ár gComhairleoirí Seirbhíse do Chustaiméirí le réimse leathan oibre lena n-áirítear; déileáil le ceisteanna éagsúla ó chustaiméirí, cásanna éigeandála agus gan soláthar, cláir oibre a sceidealú agus a bhainistiú agus naisc nua.

Céard atá á lorg againn?

     
  • Taithí ar thimpeallacht atá dírithe ar an gcustaiméir
  • Scileanna cumarsáide den scoth
  • Scileanna maithe ar an ríomhaire (Outlook san áireamh)
  • Súil ghrinn
  • Treallús agus scileanna réitithe fadhbanna
  • Cumas le córais agus nósanna imeachta nua a fhoghlaim

In Wilton, Co. Chorcaí, a bheidh an jab seo lonnaithe. Beidh roinnt róil hibrideacha ar fáil tar éis oiliúint 8 mí ar an láthair.

Na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair do ESB Networks

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil