Úsáideoir Tí

An leibhéal soláthair i dteach a mhéadú

Baineann Uasacmhainn Iompórtála (MIC) le gach pointe nasctha ar an líonra leictreachais. Déanaimid ár líonra a dhearadh le soláthar leictreachais a chur ar fáil duit de réir an MIC atá sonraithe. Má chuir tú síneadh mór le do theach le déanaí nó má thosaigh tú ag úsáid trealamh leictreachais nua a bhfuil tuilleadh cumhachta de dhíth air, b’fhéidir nach leor do MIC reatha do do chuid riachtanas.

Cúiseanna ar gá an soláthar a mhéadú i dteach

B’fhéidir go mbeadh fadhbanna tugtha faoi deara agat, an fiús príomha ag séideadh, soilse ag ísliú nuair a bhíonn trealamh leictreach ar siúl ag an am céanna nó mótair leictreacha gan tosú an chéad uair. Tabhair do d'aire: Mura bhfuil an méid leictreachais a úsáideann tú méadaithe go suntasach agat, b’fhéidir go mbeadh fadhb voltais i do theach nó ar ár líonra. Faigh tuilleadh eolais faoi fhadhbanna voltais anseo.

Cláraithe cheana féin?
Logáil isteach

Treoir Céim ar Chéim

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn