Obair Thochailte agus Bhainte

ROIMH DUIT TOSÚ – IARR LÉARSCÁIL – DIAILIGH SULA dTOSAÍONN TÚ AG TOCHAILT


Sula dtosóidh tú obair thochailte, beidh plean láithreáin agus do shonraí teagmhála, seoladh poist san áireamh, ag teastáil uainn. Gheobhaidh tú do léarscáil tráth nach déanaí ná deich lá oibre tar éis a hiarrtha.

Is féidir leat léarscáil a iarraidh ar:

An Rannóg Lár-Léarscáilithe, ESB Networks, Bóthar Theampall Mhaighréide, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11, D11 X3W7

Fón: 1800 928 9602 Nó 01 8582060 lena fháil amach an bhfuil aon cháblaí leictreacha gar don láthair a mbeidh tú ag tochailt 

R-phost: Dig@esb.ie

  

Sábháilteacht agus Láithreáin Tógála, Oibreacha Bóthair agus Tochailtí Eile

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí réamhchúraimí cuí sula ndéanfaí aon obair thochailte toisc go bhféadfadh iarmhairtí tochailte neamhshábháilte cur isteach ar an bpobal ar fad.

Déan teagmháil leis an Lár-Oifig Léarscáilithe Líonra sula dtosóidh tú ag obair lena fháil amach cé na cáblaí leictreachais atá faoi thalamh.

Deifir ort?

I gcásanna éigeandála, is féidir leis an Lár-Oifig Léarscáilithe Líonra in ESB Networks léarscáileanna a chur ar fáil lena mbailiú.

Má tá léarscáil ag teastáil uait anois díreach, cuir glao ar 1800 928 960+353 1 8582060 (Luan go hAoine amháin).

Is féidir linn léarscáileanna a chur ar fáil go digiteach freisin. Déan teagmháil leis an Lár-Oifig Léarscáilithe Líonra le sonraí a fháil faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís seo.




Tógáil Shábháilte agus an Leictreachas

Breathnaigh ar ár bhfíseán 16 nóiméad maidir le hoibriú go slán sábháilte in áiteanna a bhfuil sreanga lastuas agus cáblaí faoi thalamh. Físeán é a cruthaíodh go speisialta dóibh siúd atá ag obair sa tionscal tógála.

 

 

 

 

Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30