Fóillíocht

Gníomhaíochtaí Fóillíochta

Tá bonneagar leictreachais i ngach áit timpeall ort. Má bhíonn gníomhaíochtaí fóillíochta amuigh faoin aer á bpleanáil agat, bí ag faire amach d'aon línte cumhachta lastuas, fostáisiúin, mionbhoscaí leictreachais nó d'aon trealamh eile leictreachais san áit. Ná déan dearmad nach gá duit teacht i dteagmháil leis an trealamh i gcónaí le go ngortófar thú. Is féidir le leictreachas gluaiseacht tríd an aer i gcúinsí áirithe.


Leideanna maidir le Bádóireacht

I gcúinsí áirithe, is féidir le leictreachas léim ón líne chumhachta go crann an bháid. Ní gá go dtiocfadh an líne i dteagmháil leis an gcrann.

Sula gcrochann tú na seolta agus sula mbogann tú bád a bhfuil crann ard uirthi, ba cheart duit:

  1. A sheiceáil an bhfuil línte cumhachta lastuas gar duit
  2. An bealach atá roghnaithe agat a phleanáil go cúramach
  3. Gach iarracht a dhéanamh gan dul faoi shreanga lastuas i mbád

Leideanna maidir le hEitleogaíocht

  1. Ná déan dearmad gur féidir le leictreachas gluaiseacht anuas trí théad eitleoige
  2. Ná heitil eitleoga gar do línte lastuas in aon chás 

Má théann do dhrón i bhfostú i líne chumhachta lastuas, cuir glao ar ár n-uimhir éigeandála 1800 372 999+353 21 238 2410 lena thuairisciú.

Ná déan iarracht é a bhaint anuas.

Leideanna maidir le hEitlíocht

  1. Déan do thuras a phleanáil agus déan cinnte go bhfuil léarscáileanna agat lena léirítear cá bhfuil na línte lastuas
  2. Bí an-airdeallach nuair a bhíonn tú ag eitilt go híseal toisc go mbíonn sé deacair línte lastuas a fheiceáil ón aer
  3. Cuir eolas ar áiteanna tuirlingthe nár úsáid tú cheana agus bíodh suíomh na línte lastuas ar eolas agat 
  4. I gcás éigeandála, bí ag faire amach do phiolóin, cuaillí agus línte lastuas

Leideanna faoi Iascaireacht

Tá go leor slata iascaireachta déanta as ábhar seoltach, amhail snáithíní carbóin nó miotal, agus féadann leictreachas dul trí dhorú fliuch chomh maith.

  1. Bí ag breathnú suas i gcónaí agus ná téigh ag iascaireacht faoi línte cumhachta
  2. Agus tú ag iascaireacht, déan cinnte go bhfuil tú 30 méadar (100 troigh) ar a laghad amach ó na línte lastuas go léir - tomhais an fad sin ar an talamh le bheith cinnte

Leideanna maidir le Dróin

  1. Coinnigh do dhrón taobh istigh de do líne amhairc i gcónaí - ní dhéanfaidh scáileán físe an chúis
  2. Ná heitil dróin gar do línte lastuas in aon chás

Má théann do dhrón i bhfostú i líne chumhachta lastuas, cuir glao ar ár n-uimhir éigeandála 1800 372 999+353 21 2382410 lena thuairisciú.

Ná déan iarracht é a bhaint anuas.

Bí Sábháilte

Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30