Beartas Léite Méadar
ESB Networks agus Léamh Méadar
Is é ESB Networks atá freagrach as na méadair leictreachais i ngach teach agus i ngach gnóthas in Éirinn. Léimid gach cineál méadar, lena n-áirítear méadair mheicniúla, leictreonacha agus Íoc-mar-a-Úsáidtear.
Méadar a Léamh: ceisteanna coitianta
Léamh Méadair gach Ceathrú Uaire
I gcás tomhaltóirí móra tráchtála agus tionsclaíocha, úsáidtear an Méadrú de réir na Ceathrún Uaire (QH). Déanann na méadair seo taifead ar an ídiú leictreachais do gach tréimhse 15 nóiméad i gcaitheamh an lae..
Níl an t-eolas sin ar fáil ar thaispeáint an mhéadair. Ina áit sin, taispeánann an méadar iomlán carnach an ídithe lae agus oíche. Léimid na méadair QH ar fad trí chian-nasc. Tar éis dúinn na sonraí a bhailíochtú, tugaimid na léamha ar aghaidh do do sholáthraí.
Mura n-éiríonn linn do mhéadar a léamh, tabharfaidh duine dár dteicneoirí cuairt ar do áitreabh leis an bhfadhb a réiteach. Féadfaidh an teicneoir sin na léamha a bhailiú ó amharc, más gá.