Maidir le ESB Networks

Cé muid féin

  • Faoi shocruithe rialála arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU), is iad baill foirne de chuid ESB atá sannta d’aonad gnó ESB Networks, arna bhainistiú ag ESB Networks CGA (fochuideachta de chuid ESB), a dhéanann feidhmeanna ceadúnaithe ESB a chomhlíonadh mar úinéir na líonraí tarchurtha agus dáilte in Éirinn (Úinéir na Sócmhainní Tarchurtha agus Úinéir na Sócmhainní Dáilte). Comhlíonann aonad gnó ESB Networks feidhmeanna ESB Networks CGA mar an tOibritheoir Ceadúnaithe Córais Dáilte, leis. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na socruithe rialála sin (mar aon le cóipeanna de na ceadúnais iomchuí) ar fáil anseo
  • Tá an 3,000 duine dár bhfoireann ar fud na tíre bródúil as tús áite a thabhairt do gach uile chustaiméir, is cuma cén soláthraí leictreachais atá i gceist.
  • Déanaimid an bonneagar leictreachais meánvoltais agus ísealvoltais a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear na stáisiúin dáileacháin, na línte lastuas, na cuaillí agus na cáblaí faoi thalamh.
  • Faighimid ár gcuid maoinithe ó na táillí úsáide córais a ghearrtar ar chustaiméirí tríd an mbille a fhaigheann siad óna Soláthraí Leictreachais, arna rialú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas.

Tacú le margaí iomaíocha leictreachais

Déanaimid méadair a oibriú, a shuiteáil agus a chothabháil dár mbonn ollmhór custaiméirí, agus léimid suas le ceithre huaire sa bhliain iad.

Cumhacht don am atá le teacht

Táimid tiomanta don saol ísealcharbóin, a bheidh cumhachtaithe ag foinsí in-athnuaite fuinnimh, ar nós feirmeacha gaoithe.

Príomhfhíricí

Déan teagmháil linn