Gineadóirí In-Athnuaite agus Leabaithe
Eolas maidir le cén chaoi gineadóirí os cionn 6 kW (aon phas) nó 11 kW (trí phas) a nascadh a d’fhéadfadh a bheith ag easpórtáil leictreachais chuig an líonra leictreachais lena dhíol nó lena sholáthar. I gcás suiteáil arb é a MEC iomlán 40 MW nó níos mó ná sin, caithfear iarratas amháin a chur faoi bhráid Oibreoir an Chórais Tarchurtha (TSO) lena mheas.
Céim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2)
An 10 Meitheamh 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) a chinneadh maidir le Céim 2 den Bheartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP-2), is é sin an bealach ar féidir tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais faoi láthair. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi Bheartas ECP-2, atá ar fáil ar láithreán gréasáin an CRU.
- Níltear ag glacadh le hiarratais ar ECP-2.2 a thuilleadh. Cliceáil anseo le breathnú ar Fhoilseachán ECP-2.2 2021 Baisce (Catagóirí A, B agus C) ó Oibreoir an Chórais Dáileacháin.
- Cliceáil anseo le breathnú ar Chomhfhoilseachán ECP-2.1 2020 Baisce (Catagóir A) arna nuashonrú (Iúil 2022) ó na hOibreoirí Córais.
- Tá sé beartaithe go mbeifear ag glacadh le hiarratais ar ECP-2.3 maidir le gach teicneolaíocht ghiniúna agus stórála (níos mó ná 0.5MW) ó Déardaoin, an 1 Meán Fómhair 2022 go 5 i.n., Dé hAoine, an 30 Meán Fómhair 2022.
Catagóirí ECP-2
- Catagóir A (Baisc): Tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile (MEC >0.5MW).
- Catagóir B (Neamhbhaisc): Giniúint ar an mionchóir (11kW
≤0.5MW).
- Catagóir C (faoi stiúir an phobail): Tionscadail fuinnimh in-athnuaite faoi stiúir an phobail (MEC ≥ 0.5MW agus ≤5MW). Tabhair faoi deara, d’fhoilsigh an CRU Nóta Soiléirithe (CRU/21/069)
maidir le Cinneadh ECP-2 (CRU/20/060) an 1 Iúil 2021 le leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú a thugtar ar Thionscadal Fuinnimh In-Athnuaite faoi stiúir an Phobail. Lena bpróiseáil faoi Chatagóir
C in ECP2.2 agus sna baisceanna ECP ina dhiaidh sin, beidh ar thionscadail fuinnimh faoi stiúir an phobail a bheith faoi lánúinéireacht an phobail.
Gineadóirí Neamh-Easpórtála i dTreocheangal
Oibríonn gineadóirí neamh-easpórtála i dtreocheangal leis an gcóras dáileacháin leictreachais. Is iondúil go mbeadh a leithéid de ghineadóirí úsáideach do ghnóthais ar mian leo an méid leictreachais a iompórtálann siad a laghdú trína bhfoinse cumhachta féin a bheith acu, nó i gcomhair scéimeanna buaic-theasctha nó buaicscafa. Ní féidir iad a úsáid chun leictreachas a sholáthar ná a dhíol tríd an eangach náisiúnta.
Treoirlínte Cosanta Comhéadain
Sna sleamhnáin seo (PDF | 171 KB) tugtar breac-chuntas ar threoirlínte maidir le costais agus infheidhmeacht Chosaint Comhéadain na Giniúna Leabaithe (EGIP). Cuireadh na sleamhnáin i láthair ag cruinniú de Ghrúpa Idirchaidrimh
Gheata 3 de chuid CRU mar shoiléiriú agus nuashonrú ar dhoiciméad na gCoinníollacha Rialaithe i Meitheamh 2013.
Tuilleadh eolais
Gineadóirí Neamh-Easpórtála i dTreocheangal
Oibríonn gineadóirí neamh-easpórtála i dtreocheangal leis an gcóras dáileacháin leictreachais. Is iondúil go mbeadh a leithéid de ghineadóirí úsáideach do ghnóthais ar mian leo an méid leictreachais a iompórtálann siad a laghdú trína bhfoinse cumhachta féin a bheith acu, nó i gcomhair scéimeanna buaic-theasctha nó buaicscafa. Ní féidir iad a úsáid chun leictreachas a sholáthar ná a dhíol tríd an eangach náisiúnta.
Treoirlínte Cosanta Comhéadain
Sna sleamhnáin seo (PDF | 171 KB) tugtar breac-chuntas ar threoirlínte maidir le costais agus infheidhmeacht Chosaint Comhéadain na Giniúna Leabaithe (EGIP). Cuireadh na sleamhnáin i láthair ag cruinniú de Ghrúpa Idirchaidrimh
Gheata 3 de chuid CRU mar shoiléiriú agus nuashonrú ar dhoiciméad na gCoinníollacha Rialaithe i Meitheamh 2013.
Tuilleadh eolais
Gineadóirí Cúltaca
Úsáideann gnólachtaí a dteastaíonn giniúint éigeandála uathu gineadóirí cúltaca. Ní féidir iad a úsáid chun leictreachas a easpórtáil
ná a dhíol ar an líonra leictreachais. Lena chois sin, ní féidir leo feidhmiú i dtreocheangal leis an líonra leictreachais.
Tuilleadh eolais
Micrighiniúint
Úsáidtear an téarma ‘micrighiniúint’ nuair a shuiteálann duine príobháideach (úinéir tí, mar shampla) gineadóir beag ar a thalamh féin le
leictreachas a ghiniúint dó/di féin.
Tuilleadh eolais
Mionghiniúint
Is éard is mionghiniúint ann ná téarma a úsáidtear nuair a dhéanann custaiméir leictreachais giniúint atá nasctha le hinbhéartóir suas le 50kVA a shuiteáil in áitreabh chun críocha leictreachas a tháirgeadh. Suiteáiltear na gineadóirí seo go hiondúil chun leictreachas glan a tháirgeadh go háitiúil don uath-ídiú leictreachais agus, dá bharr, an gá agus an costas le leictreachas a laghdú. Cuireann an mhionghiniúint ar chumas custaiméirí gníomhú iad féin chun dul i ngleic le fadhbanna éagsúla agus muid ar aistear le chéile i dtreo saol glan leictreach: an t-athrú aeráide, praghsanna leictreachais atá ag dul in airde agus an chaoi a mbímid ag brath ar bhreoslaí iontaise. Tá Rialtas na hÉireann ar tí scéim a thabhairt isteach chun gur féidir aon leictreachas breise arna ghiniúint ag an gcineál seo gineadóra a dhíol ar ais le soláthraithe leictreachais.
Léarscáil den Acmhainn Ghineadóra atá ar Fáil
- Tá Teasléaráid idirghníomhach den Acmhainn atá ar Fáil forbartha ag ESB Networks, ar a leagtar amach an fhaisnéis acmhainne ar fad maidir lenár bhfostáisiúin 3 phas DSO go léir, idir ísealvoltas, mheánvoltas agus ardvoltas
- Comhéadan í an teasléaráid seo a chuireann ar do chumas sainaithint a dhéanamh go héasca ar acmhainn fhéideartha na gclaochladán atá gar do do láithreán.
Staitisticí maidir le Gineadóirí
- Naisc atá Déanta
Is féidir teacht ar fhaisnéis staitistiúil maidir le gach gineadóir atá nasctha leis an gCóras Dáileacháin, nó atá le nascadh faoi chonradh, ar an leathanach Gineadóirí Nasctha agus Conarthacha. - Monatóireacht Feidhmíochta
Tugtar breac-chuntas i ndoiciméad dar teideal An Próiseas Monatóireachta Feidhmíochta Feirmeacha Gaoithe ar an bpróiseas atá curtha i bhfeidhm ag Eirgrid agus BSL le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht Stáisiún Cumhachta Feirme Gaoithe (WFPS) ó thaobh an chatagóirithe inrialaitheachta a sannadh dóibh tar éis chinneadh rialála SEM-062-11 maidir le seoladh tosaíochta. Is féidir an doiciméad seo a íoslódáil anseo (PDF | 547 KB)

- ortsa a chinntiú go ndéanfaidh conraitheoir leictreachais cláraithe an gineadóir a shuiteáil de réir caighdeáin sábháilteachta leictreachais, agus go gcomhlíonfaidh sé na rialacháin go léir a bhaineann le gineadóirí leictreachais.