Am le Léamh

Tá BSL, trí Chiste “Energy for Generations”, ag tacú le clár “Am le Léamh” le 4 bliana anuas anois.

Is é Am le Léamh an chéad tionscnamh léitheoireachta idir an earnáil ghnó agus an earnáil oideachais in Éirinn. Tugann sé an deis do pháistí i Rang a 2 tacaíocht a fháil lena gcuid léitheoireachta ó oibrí deonach den earnáil ghnó thar chlár 20 seachtain. Thug páistí ó Scoil Náisiúnta an Ghlaisín do Chailíní i gCorcaigh agus a múinteoirí cuairt ar ESB Networks, Wilton le ceiliúradh a dhéanamh ar bhliain de chlár “Am le Léamh”, ar éirigh go hiontach leis.

 


 

Baill foirne de chuid ESB Networks i mbun ceardlann MAKESHOP i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí

Déanann BSL a chion féin le tacú leis an gcéad ghlúin eile scileanna san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) a fhorbairt. Thug oibrithe deonacha de chuid ESB Networks ceardlanna MAKESHOP do Rang a 1 agus Rang a 6 i Scoil Náisiúnta Naomh Eoin Baiste, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí faoi Thionscnamh Freagrachta Sóisialta agus Corparáidí BSL.

 



 

Déan teagmháil linn