Gineadóir Cúltaca a Úsáid

Úsáidtear gineadóir cúltaca le leictreachas a ghiniúint i gcás éigeandála má theipeann ar an bpríomhsholáthar leictreachais. Ní fheidhmíonn sé i dtreocheangal leis an bpríomhsholáthar. Is féidir gineadóir cúltaca a úsáid sna cásanna seo a leanas:

  • Gearradh cumhachta sceidealaithe ag ESB Networks
  • Locht ar an líonra leictreachais
  • Damáiste de dheasca stoirme nó damáiste arna dhéanamh ag tríú páirtí don líonra leictreachais
Abair linn

Ar chúiseanna sábháilteachta, iarrtar ort an Maoirseoir Seirbhísí do Chustaiméirí san oifig de chuid ESB Networks is gaire duit a chur ar an eolas má tá gineadóir cúltaca á shuiteáil agat ag do sheoladh. Beidh na sonraí teagmhála ag do chonraitheoir cláraithe leictreachais.

Suiteáil Cheart

Tá sá tábhachtach gur conraitheoir leictreachais cláraithe a shuiteálfadh an gineadóir. Ina theannta sin, ní mór an gineadóir agus an sreangú ar fad a shuiteáil i gcomhréir leis na rialacha ábhartha ar fad de chuid Chomhairle Leictre-Theicniúil na hÉireann. Ní mór gineadóir cúltaca a nascadh trí lasc athraitheach lena chinntiú nach bhféadfaidh sé oibriú i dtreocheangal leis an líonra leictreachais in aon chás.

Tús Áite don tSábháilteacht

Ná nasc gineadóir cúltaca ar bhonn sealadach leis na ciorcaid leictreacha i d'áitreabh ná le do phointe méadraithe in aon chás. Chuirfeá thú féin, do chomharsana agus foireann ESB Networks i mbaol dá ndéanfá amhlaidh.

Tuilleadh eolais

Déan teagmháil linn