Feabhsúcháin Tí

3 leid le fanacht sábháilte

  1. Má bhíonn sé ar intinn agat oibreacha a dhéanamh gar do sholáthar leictreachais lastuas, m.sh. obair phéinteála nó oibreacha dín, téigh i dteagmháil le ESB Networks agus iarr orthu cumhdach a chur ar na sreanga
  2. Má bhíonn dréimire á úsáid agat le dul suas ar an díon, déan cinnte gan lámh a leagan ar shreanga leictreachais ná ar naisc leictreachais agus ná téigh gar dóibh fiú amháin
  3. Más gá na sreanga leictreachais a bhogadh nó a athrú mar chuid den obair atá ar bun agat, téigh i dteagmháil le ESB Networks ar: 1800 372 757 nó 353 21 2386555

Deimhniú Críochnaithe

Más rud é go bhfuil sreangú le déanamh i dteach nua nó má tá na sreanga atá ann cheana féin á n-athnuachan nó síneadh á chur leo, ní mór duit deimhniú críochnaithe a fháil ó do Chonraitheoir Leictreach. Aimsigh Conraitheoir Cláraithe Leictreachais ar safeelectric.ie.

Ráiteas ón gconraitheoir is ea an deimhniú seo go bhfuil an obair a rinneadh ag teacht leis na Rialacha Náisiúnta maidir le Sreangú. Bíonn deimhniú críochnaithe ag teastáil ó ESB Networks freisin sular féidir soláthar nua a nascadh.

Gnéithe ríthábhachtacha sábháilteachta ba chóir a bheith ar eolas agat

Gnéithe ríthábhachtacha i ngach áit chónaithe iad lasca tuisleacha, fiúsanna agus mionscoradáin chiorcaid toisc go gcinntíonn siad go mbeidh d'fhearas leictreach sábháilte má tharlaíonn fabht.

Cineálacha Lasc Tuisleach

Tá fiúsanna nó mionscoradáin chiorcaid ar do chlár fiúsanna nó do chlár dáileacháin. Cosnaíonn siad sin ciorcaid faoi leith a sheolann leictreachais chuig réimsí éagsúla i d'áit chónaithe m.sh. chuig do shoicéid nó do shoilse. Tá sreanga de mhéideanna éagsúla sna ciorcaid sin agus, dá bhrí sin, tá mionscoradáin chiorcaid nó fiúsanna de láidreachtaí éagsúla acu lena gcosaint. Déantar an neart a thomhas in aimpéir agus luaitear an luach go soiléir ar an mionscoradán ciorcaid nó ar an bhfiús.

Lasca Tuisleacha agus Gairis Srutha Iarmharaigh

Braitheann lasc tuisleach agus gaireas srutha iarmharaigh ligean srutha leictrigh ón gciorcad. Nuair a bhraitear fabht dínascthar an ciorcad. Bíonn lasca tuisleacha agus gairis srutha iarmharaigh ar chlár na bhfiúsanna agus ba cheart iad a thástáil go minic.

Mionscoradáin Chiorcaid agus Fiúsanna

Gaireas sábháiteachta is ea fiús nó mionscoradán ciorcaid a ghearrann an sreabhadh leictreachais chuig ciorcad má tharlaíonn rólódáil de bharr fabht sa chiorcad nó i bhfearas. Is féidir mionscoradán ciorcaid a athshocrú tar éis an fabht a aimsiú agus a chur ina ceart. M á shéidtear fiús, áfach, ní mór fiús nua den mhéid céanna a chur ina áit.

Gairis srutha iarmharaigh, fiúsanna agus mionscoradáin chiorcaid

San fhíseán seo mínítear an cuspóir atá le gaireas srutha iarmharaigh, rud a dtugtar Lasc Thuisleach nó Lasc Thuisleach Thalamhligin air in amanna. Breathnaigh ar an bhfíseán lena fháil amach cén chaoi a n-oibríonn gaireas srutha iarmharaigh, cén chuma atá air agus cá bhfaightear é.  

Bí Sábháilte

Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30