Céard is Comhaontú Forbartha Tógála ann?

Ní mór Comhaontú Forbartha Tógála le haghaidh nasc leictreachais a shíniú agus a chur chugainn má tá forbairt ilaonad tithíochta nó gnó á forbairt agat.

Tabhair do d'aire: I gcás naisc a dhéanfar tar éis mhí Mheán Fómhair 2018, d'fhéadfadh roinnt coinníollacha maidir leis an gCód Dáileacháin athrú toisc gur gá dóibh a bheith ar aon dul leis na Cóid Líonra Eorpacha ina dhiaidh sin.

Céard a leagtar amach ann?

Tugtar breac-chuntas sa Chomhaontú Forbartha Foirgníochta ar thréithe nasctha gach pointe nasctha i bhforbairt. Áirítear leis sin MPRN agus MIC gach pointe nasctha, chomh maith le seoladh poist gach aonaid, de réir mar a comhaontaíodh leis an Údarás Áitiúil é.

Conas Comhaontú Forbartha Tógála a fháil

Le Comhaontú Forbartha Tógála a fháil, lean an próiseas iarratais atá leagtha amach in Forbairt nua ilaonad a nascadh.
Féach ar an bPróiseas Iarratais

Comhaontuithe Nasctha Aonair

I gcás ina bhfuil MIC de 30 kVA (cileavoltaimpéar) nó níos mó ag aon cheann de na naisc aonair san fhorbairt, ní mór d’úinéirí nó d’áititheoirí aonair an aonaid nua a chlárú le Soláthraí Leictreachais roimh ré.
Téigh chuig www.cru.ie

Eiseofar comhaontú nasctha go huathoibríoch nuair a chláróidh tú le do rogha soláthraí.

Déan teagmháil linn