Bristeacha Pleanailte

Nuair is gá dúinn cur isteach ar do sholáthar

Uaireanta bíonn orainn cur isteach ar do sholáthar leictreachais chun cothabháil riachtanach a dhéanamh. Gearradh beartaithe a thugtar air seo.

Tuigimid a mhíchaoithiúla a bhíonn gearrthacha dár gcustaiméirí agus déanaimid ár ndícheall obair a dhéanamh agus na línte beo. Mar sin féin, ní mór na línte agus cáblaí cumhachta a mhúchadh ar chúiseanna sábháilteachta uaireanta. Mura ndéanfaí é sin bheadh sé ró-chontúirteach dár bhfoirne deisithe a bheith ag obair orthu.  


Seolfaimid cárta fógartha duit dhá lá oibre ar a laghad roimh ré má tá do sholáthar le gearradh le haghaidh obair chothabhála. Léirítear gearrthacha cumhachta beartaithe mar bhioráin ómra ar PowerCheck.

Amharc ar PowerCheck


Fógra a thabhairt duit faoi ghearradh beartaithe

Seolfaimid cárta fógartha duit dhá lá oibre ar a laghad roimh ré má tá do sholáthar le gearradh le haghaidh obair chothabhála. 

Tuilleadh eolais anseo:
Ráthaíocht Seirbhíse Dáileacháin

(PDF | 1 MB)

Inseofar duit ar an gcárta cathain a mheastar go ngearrfar an chumhacht agus an fad a bheidh sí gearrtha. Cé go gcríochnaítear formhór mór na ngearrthacha cumhachta pleanáilte laistigh den tréimhse ama réamh-mheasta, tógfaidh sé níos faide orainn an obair a chríochnú in amanna mar gheall ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta. 

Coinnigh do reoiteoir dúnta

Fanfaidh a bhfuil i do reoiteoir slán ar feadh suas le 24 uair an chloig gan leictreachas má choinnítear an reoiteoir dúnta. Ní mhaireann gearrthacha cumhachta níos faide ná ocht n-uair an chloig de gnáth agus mar sin ba cheart go mbeadh an t-ábhar i do reoiteoir go breá sábháilte. Féach tuilleadh leideanna le hullmhú do ghearradh cumhachta.

Bí Ullamh

Cosaint ar Bhorradh Voltais

Bíonn gach Líonra Leictreachais faoi réir athruithe voltais ó am go chéile mar gheall ar thintreach, stoirmeacha nó cúiseanna eile damáiste. Is féidir le d’fhearais leictreacha féin athruithe a dhéanamh don voltas. Féadfaidh na hathruithe sin cur isteach ar fheidhmiú éifeachtach fearas nó trealaimh íogair.

Is féidir leat feiste cosanta borrtha nó SPD a úsáid chun trealamh leictreonach íogair a chosaint

Iarr ar do Chonraitheoir Leictreach cláraithe SPD a shuiteáil ar do bhord dáileacháin nó

Úsáid bord soicéad / luaidhe síneadh le SPD ionsuite - ar fáil go forleathan ó mhiondíoltóirí maithe.

Leid Sábháilteachta:Toisc go bhféadfadh do sholáthar cumhachta teacht ar ais am ar bith, glac leis i gcónaí go bhfuil an leictreachas beo i rith an ghearrtha cumhachta.
Tá muid anseo 24/7
Cás Éigeandála/Gan Chumhacht
1800 372 999
+353 21 2382410
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30