Bí Réidh don Gheimhreadh

Céard atá le déanamh má tharlaíonn gearradh cumhachta

Nuair a bhíonn drochaimsir geallta, is tábhachtaí ullmhúcháin a dhéanamh le sábháilteacht gach duine a chinntiú.

Comhairle do Chustaiméirí i gcás Gearradh Cumhachta


Meabhrúchán ar na bearta réamhchúraim a bhíonn le déanamh i gcás gearradh cumhachta:

  • Fan glan ar shreanga leictreachais leagtha agus ar chuaillí damáistithe, agus coinnigh leanaí agus ainmhithe siar chomh maith - tuairiscigh a leithéid de dhamáiste do ESB Networks ar 1800 372 999 nó +353 21 2382410 agus éist go cúramach leis na teachtaireachtaí taifeadta.
  • Cas as cócaireáin, oighinn, iarainn leictreacha, srl. má chailltear an soláthar leictreachais
  • Fág solas ar siúl ionas go mbeidh a fhios agat nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais 
  • Bí an-chúramach go deo má tá tú ag úsáid coinnle, lampaí ola nó lasracha eile gan chosaint
  • Tástáil aláraim dheataigh le cadhnraí nua
  • Déan cinnte gur leor an aeráil má tá tú ag úsáid téitheoirí gáis

Acmhainn Pleanála Éigeandála

Cabhair á tabhairt duit le do theach agus do ghnóthas a ullmhú do dhrochaimsir

 

Naisc Bhainteacha

Tá muid anseo 24/7
ÉIGEANDÁLA
1800 372 999