Naisc Nua agus an Próiseas Deimhnithe

Gach uair a chríochnaíonn conraitheoir cláraithe leictreachais suiteáil nua leictreachais, nó síneadh nó mionathrú ar shuiteáil a bhí ann cheana féin, ní mór dó/di a thástáil agus a dheimhniú go bhfuil an tsuiteáil i gcomhréir leis na caighdeáin reatha.

Ní mór do chomhlacht rialála an chonraitheora leictreachais Deimhniú Críochnaithe Leictreachais arna bailíochtú, nuair is infheidhme, a sheoladh chuig ESB Networks sular féidir tús a chur le haon obair nasctha. Ba chóir go bhfaigheadh gach custaiméir cóip den Deimhniú Críochnaithe Leictreachais gach uair a chríochnaítear obair leictreachais.

Déan cinnte de go gcoinneoidh tú cóip den deimhniú. Ar mhaithe le do shábháilteacht féin atá an ceanglas seo. I measc na gcásanna coitianta ina bhféadfadh deimhniú críochnaithe a bheith ag teastáil tá:



  • Síneadh a chur le teach nó le háitreabh atá ann cheana féin.
  • Teach nó áitreabh nua a thógáil.
  • An sreangú leictreachais inmheánach a athrú in aon teach nó áitreabh.
  • Teach nó áitreabh atá dínasctha le breis is sé mhí a athnascadh.
  • Fálta leictreacha agus suiteálacha eile a nascadh.

 

Comhlachtaí Rialála


  • An Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU)
  • Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) an comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar liobrálú earnáil an fhuinnimh in Éirinn. Is é an CRU an rialtóir le haghaidh thionscal an leictreachais in Éirinn.
    Téigh chuig Cru.ie

     

    • Safe Electric

    Déantar maoirsiú ar chlárú conraitheoirí leictreachais faoin scéim Safe Electric. Má tá conraitheoir cláraithe leis an scéim, ciallaíonn sé go bhfuil sé cláraithe go dlíthiúil agus árachas aige. Thar ceann an Choimisiúin um Rialáil Fóntas (CRU) a dhéantar an scéim seo a riar.
    Téigh chuig Safe Electric

    Naisc Bhainteacha

    Déan teagmháil linn