Baint do Mhéadair agus Goid Leictreachais

Is tábhachtaí le ESB Networks do shábháilteacht ná aon rud eile.

 

Píosa trealaimh tábhachtach, b'fhéidir contúirteach, is ea do mhéadar leictreachais agus níor chóir cur isteach air ar bhealach ar bith.

 

Tá sé idir chontúirteach agus mhídhleathach baint do mhéadar leictreachais nó iarraidh ar dhuine éigin baint dó thar do cheann. D'fhéadfadh baint do mhéadar nó cur isteach ar aon trealamh leictreach a bheith contúirteach dóibh siúd a bhfuil lámh acu ann, don phobal, do na seirbhísí éigeandála agus d'fhoireann ESB Networks. Is éasca an rud é méadar ar baineadh dó a bhrath agus tá foireann ar leith againn nach ndéanann aon rud seachas breith ar dhaoine a bhfuil caimiléireacht den sórt seo ar bun acu.

Tá sé de bheartas ag ESB Networks imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh aon duine a bhaineann do mhéadar. De réir fhorálacha an Achta Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 2012, agus ár gceadúnais mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, d'fhéadfadh sé go ngearrfaí fíneáil suas le €5,000, nó príosúnacht sé mhí, nó an dá rud, ar aon duine a bhainfidh d'aon earra (méadar san áireamh) ar le ESB Networks é.

Tuilleadh Eolais

Goid Leictreachais agus Baint do Mhéadair

Cuir eolas ar na rioscaí ollmhóra a bhíonn ann do shábháilteacht an phobail nuair a bhaintear do mhéadair agus do cháblaí leictreachais go neamhdhleathach

 

 

Tuairiscigh baint do mhéadar

Má mheasann tú gur bhain duine éigin do mhéadar leictreachais, is féidir leat é sin a thuairisciú faoi rún daingean. Comhlánaigh an fhoirm thíos nó cuir glao ar 1800 211 827. Más leatsa an méadar ar baineadh dó, téigh i dteagmháil linn le go mbeimid in ann méadar nua a shuiteáil go slán sábháilte.


Ainm an duine a mheastar atá i mbun na calaoise

An fhaisnéis atá á lorg ar an bhfoirm seo, tá sí ag teastáil ó ESB Networks CGA le cur ar a chumas baint do mhéadair a fhiosrú. Mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, tá an fhaisnéis ag teastáil ó ESB Networks CGA leis an líonra leictreachais a bhainistiú chomh maith. Is é ESB Networks CGA an rialaitheoir sonraí. Breathnaigh ar ár mbeartas príobháideachais.

Téigh chuig an bhfoirm le baint do mhéadar a thuairisciú
Déan teagmháil linn