Fostáisiúin a thógáil

Déantar cur síos anseo ar na caighdeáin is gá duit a chomhlíonadh más gá foirgneamh fostáisiúin a thógáil. Ní mór duit foirgneamh fostáisiúin a thógáil sna cásanna seo a leanas:

  • Tá Uasacmhainn Iompórtála (MIC) do naisc níos mó ná 200kVA (300 Aimpéar). N.B. Ag brath ar an acmhainn atá ar fáil, d’fhéadfadh sé go mbeadh fostáisiún ag teastáil in áiteanna áirithe le haghaidh ualaí atá cothrom le 200kVA nó níos lú ná sin. Déanfar an cinneadh deiridh maidir leis an bhfostáisiún a luaithe a bheidh measúnú iomlán déanta ar an iarratas ar cheangal ag an Oifigeach Innealtóireachta ainmnithe de chuid ESB Networks.
  • Sonraítear sa Chomhaontú Nasctha nó sa Litir Mheastacháin a fuair tú uainn gur gá duit foirgneamh fostáisiúin a chur ar fáil.

    Déan tagairt do An Cód Cleachtais Náisiúnta | Íoslódáil PDF 3 MB le haghaidh tuilleadh sonraí.

Foirgneamh fostáisiúin meánvoltais: Sonraíochtaí Ginearálta

Bíonn an trealamh i bhfoirgneamh fostáisiúin meánvoltais lena nasctar láithreán leis an líonra leictreachais.

Mar gheall go mbeidh an t-aonad seo ina chuid de chóras dáileacháin leictreachais na hÉireann ina dhiaidh sin, ní mór é a thógáil i gcomhréir le sonraíochtaí ESB Networks. Aistrítear úinéireacht na bhfoirgneamh fostáisiúin chuig ESB Networks nuair a bhíonn siad críochnaithe.

Sonraíochtaí Tógála

Leagtar amach sna doiciméid seo na sonraíochtaí tógála atá le leanúint i gcás fostáisiúin mheánvoltais.

Caighdeáin Tógála d'Fhoirgnimh Fostáisiúin Meánvoltais (PDF | 884KB)

  • Bíonn dearadh eile de dhíth i gcás fostáisiúin mheánvoltais a bhaineann le naisc ghineadóra leabaithe. Beidh méid an fhostáisiúin ag brath ar an trealamh leictreach a roghnófar. I gcás tionscadal gan choimhlint, cuirfear na líníochtaí do leagan amach caighdeánach na bhfoirgneamh ar fáil do chustaiméir an ghineadóra leabaithe ach iad a iarraidh.
  • Séanadh tógála: Creideann ESB Networks go bhfuil na líníochtaí seo i gceart. Mar sin féin, nílimid freagrach as earráidí nó easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann.
  • Deimhniú Críochnaithe d’Fhostáisiún Meánvoltais (PDF | 153 KB)
    Nóta do ESB Networks go bhfuil an fostáisiún críochnaithe agus réidh le trealamh meánvoltais nó 38 gCileavolta a shuiteáil.
  • Soláthraithe Ábhar Faofa i gcomhair Foirgnimh Fostáisiúin agus Scéimeanna Tithíochta (PDF | 1 MB)
    Tugtar liosta sa doiciméad seo ar sholáthraithe atá faofa chun ábhair a sholáthar i gcomhair foirgnimh fostáisiúin meánvoltais agus Scéimeanna Tithíochta.

    Faigh an Téip Rabhaidh Bhuí chun Láthair Cáblaí a Mharcáil.
Déan teagmháil linn