Mionghiniúint a Nascadh

Is éard is mionghiniúint ann téarma a úsáidtear nuair a dhéanann custaiméir leictreachais giniúint atá ceangailte le hinbhéartóir a shuiteáil, laistigh den raon atá clúdaithe sa sainmhíniú thíos, in áitreabh chun críocha leictreachas a tháirgeadh. Suiteáiltear na gineadóirí seo go hiondúil chun leictreachas glan a tháirgeadh go háitiúil don uath‑ídiú leictreachais agus, dá bharr, an gá agus an costas le leictreachas a laghdú. Cuireann an mhionghiniúint ar chumas custaiméirí gníomhú iad féin chun dul i ngleic le fadhbanna éagsúla agus muid ar aistear le chéile i dtreo saol glan leictreach: an t‑athrú aeráide, praghsanna leictreachais atá ag dul in airde agus an chaoi a mbímid ag brath ar bhreoslaí iontaise.

Tá an mhionghiniúint deartha chun feidhmiú i dtreocheangal leis an líonra leictreachais. An sainmhíniú a thugtar uirthi ná foinse d’fhuinneamh leictreachais ceangailte le hinbhéartóir, agus an trealamh leictreachais go léir atá bainteach leis, sa raon seo a leanas:  

  • 25 aimpéar (6kVA) go 72 aimpéar (17kVA) nuair is nasc aon phas atá ann
  • 16 aimpéar (11kVA) go 72 aimpéar (50kVA) nuair is nasc trí phas atá ann

Le heolas a chur ar na riachtanais theicniúla don mhionghiniúint, féach an doiciméad Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú na Mionghiniúna (Íoslódáil an PDF | (502 KB) agus na Ceisteanna Coitianta ag deireadh an leathanaigh seo. Mar eolas, coinneofar súil ar na ceisteanna coitianta agus déanfar iad a nuashonrú go rialta. Má bhíonn aon cheisteanna eile agat faoin bpróiseas iarratais, seol teachtaireacht ríomhphoist chuig dsominigeneration@esb.ie.

 

Scéim Phíolótach na Mionghiniúna

Tá lúcháir orainn anseo in ESB Networks a fhógairt go bhfuilimid chun síneadh ama a chur le Scéim Phíolótach na Mionghiniúna. Táimid ag glacadh le hiarratais nua faoi láthair ón 1 Iúil 2022 ar aghaidh

Is é is cúis leis seo ná gur léirigh custaiméirí an‑spéis ar fad sa scéim. Glacadh go han‑dearfach ar an iomlán leis an bpróiseas nua cuíchóirithe le Mionghiniúint (NC7) a nascadh. Beidh 500 iarratas breise ann.

Beimid ag leanúint ar aghaidh ag foghlaim ón tréimhse phíolótach ar fad, agus ag glacadh le haiseolas agus, san am céanna, cuirfear ar a gcumas do níos mó custaiméirí an ghiniúint inathnuaite a nascadh leis an gcóras leictreachais.

•Nóta:

Más mian leat gineadóir a nascadh a bhfuil aschur níos mó aige ná an t-aschur a bhaineann le Mionghiniúint, téigh chuig Gineadóir In-athnuaite agus Leabaithe a Nascadh nó Giniúint ar Scála Beag a Nascadh. Más mian leat gineadóir a nascadh a bhfuil aschur níos lú aige ná an t-aschur a bhaineann le Mionghiniúint, téigh chuig Micrighineadóir a Nascadh

Cineálacha Mionghineadóirí

  • Is iad grianphainéil na gineadóirí is mó úsáid sa raon áirithe acmhainne seo.
  • Is iondúil go suiteáiltear iad ar naisc mhóra tí, ar naisc feirme agus ar naisc thráchtála eile.
  • Is féidir raon cineálacha eile gineadóra a nascadh freisin ar chuntar go bhfuil siad nasctha le hinbhéartóir.

Treoir Céim ar Chéim

• Tábhachtach:
  • Ná suiteáil fearas mionghiniúna mura bhfuil an Comhaontú Nasctha lena mbaineann sínithe agus curtha ar ais agat. Ní rachfar ar aghaidh le haon oibreacha go dtí go mbeidh na coinníollacha atá sa Chomhaontú Nasctha comhlíonta agus go mbeidh aon obair thógála atá le déanamh ag ESB Networks curtha i gcrích.

 

Foilseacháin Úsáideacha

Tuilleadh eolais

Déan teagmháil linn