Bithéagsúlacht

Bithéagsúlacht inár dtimpeallacht áitiúil

 

Tá ESB Networks cognaíoch ar thábhacht na bithéagsúlachta i dtírdhreach na hÉireann, agus chun a chinntiú go mbainistítear a ghníomhaíochtaí ar bhealach inbhuanaithe maidir leis an mbithéagsúlacht. Tá sé ar an eolas freisin faoi na ceanglais chun tionchair fhéideartha ar bhithéagsúlacht a shainaithint agus é mar aidhm acu na tionchair sin a sheachaint nó a mhaolú, agus nuair is indéanta, oibriú chun an bhithéagsúlacht a bhreisiú.

Táimid freagrach as tógáil, cothabháil agus oibriú sócmhainní éagsúla atá suite laistigh de raon láithreán éiceolaíoch cosanta, lena n-áirítear iad siúd atá ainmnithe faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, eadhon Limistéir Chaomhantais Speisialta (SAC) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA), chomh maith leo siúd atá ainmnithe faoin reachtaíocht náisiúnta, eadhon Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHA). Meastar tionchair fhéideartha ar bhithéagsúlacht nuair a bhítear ag obair i ngar do láithreáin chosanta, chomh maith le gnéithe neamhainmnithe eile a bhfuil leas éiceolaíoch iontu. Nuair is cuí, cuirtear treoracha agus modhanna sonracha oibre i bhfeidhm chun cosaint na bithéagsúlachta a chinntiú le linn aon oibreacha den sórt sin agus ina diaidh.

Bíonn ár bhfoireann ag plé go rialta le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le bithéagsúlacht, lena n-áirítear Scagadh le haghaidh Measúnú Cuí, bithshlándáil, agus cur i bhfeidhm beart maolaithe, le foireann éiceolaíochta BSL (bunaithe san Innealtóireacht agus sna Mórthionscadail). Cuireann an fhoireann éiceolaíochta oiliúint ar fáil freisin d'fhoireann ESB Networks maidir le reachtaíocht a bhaineann le bithéagsúlacht agus le héiceolaíocht.

Gheall ESB Networks le déanaí go dtabharfaidís faoi athbhreithniú ar bhithéagsúlacht ag réadmhaoin roghnaithe. Déanfaidh an t-athbhreithniú seo méid na Bithéagsúlachta ag na réadmhaoine seo a shainaithint agus a chainníochtú agus moltaí spriocdhírithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán a fhorbairt maidir le gnóthachan Bithéagsúlachta nuair is indéanta, lena n-áirítear forbairt agus rolladh amach gníomhartha chun tacú lenár rannchuidiú le Plean Pailneoirí Uile-Éireann nuair a oireann sé seo do riachtanais sábháilteachta, oibríochtaí gnó agus bainistíocht réadmhaoine.


Léitheoireacht bhreise

Déan teagmháil linn