Athrú Seirbhíse

Athrú ar Cháblaí Seirbhíse ESB Networks

Uaireanta is gá do sheirbhís leictreachais a athshuí mar gheall ar obair thógála atá á déanamh agat nó ar chúiseanna eile.

Cén Chaoi Iarratas a Dhéanamh

Le hiarratas a dhéanamh ar Athrú Seirbhíse: Cuir glao ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555, nó cuir ríomhphost chuig esbnetworks@esb.ie Bíodh an Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) in aice láimhe agat. Más gá an méadar a bhogadh chomh maith, cuir é sin in iúl dúinn nuair a dhéanann tú teagmháil linn.

Táillí ar Athruithe Seirbhíse

Caithfear íoc as Athruithe Seirbhíse agus ní mór an táille a íoc roimh ré.

  1. Gnáth-Athruithe Seirbhíse Is éard atá i gceist le gnáth-athruithe seirbhíse ná cuaille beag nó nasc aonair faoi thalamh/lastuas leis an méadar a bhogadh. D'fhéadfadh táille eile a bheith i gceist dá mbeadh obair bhreise ag teastáil. Tabharfaidh an oifig áitiúil de chuid ESB Networks meastachán duit ar aon chostais bhreise agus déanfar iad a shonrascadh astu féin.
  2. Athruithe neamhchaighdeánacha Tabharfaidh an oifig áitiúil de chuid ESB Networks meastachán ar na costais duit.
  3. Athruithe in Áitribh ThráchtálaTabharfaidh an oifig áitiúil de chuid ESB Networks meastachán ar na costais duit.

Déan Íocaíocht

Nuair a bheidh an meastachán agat, is féidir íoc sa bhealach is fearr duit féin. Agus tú ag déanamh íocaíochta, bíodh an meastachán agus an uimhir thagartha in aice láimhe.

ESB Networks CGA
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
SAORPHOST
Uimh. Cheadúnais. FCK 724
Wilton,
Co. Chorcaí,
Éire

Féach an leathanach Sonrasc ó ESB Networks a Íoc le tuilleadh eolais a fháil

An jab a chur sa sceideal

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn