Ár Líonraí

Leictriú na Tuaithe

Ó cuireadh an chéad líonra náisiúnta leictreachais ar bun siar sa bhliain 1927 go leictriú na tuaithe idir 1947 agus 1956, bhí baint láidir riamh idir bonneagar an líonra leictreachais agus teacht chun cinn Éire na linne seo.


Le tacú le fuinneamh in-athnuaite, táimid ag uasghrádú ár gcórais tarchurtha agus ag tosú ar chórais nua teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a úsáid.

Tá athrú ollmhór ag teacht ar an gcóras leictreachais faoi láthair mar gheall ar an ngealltanas a thug Éire gur ó fhoinsí in-athnuaite a thiocfadh 40% dá cuid leictreachais faoin mbliain 2020. Tá na líonraí leictreachais á n-oiriúnú leis an dúshlán sin a shárú. Beidh uasghrádú suntasach ar an gcóras tarchurtha ag teastáil chuige sin, agus beidh roinnt línte nua le tógáil, leis.

An Córas Tarchurtha

Iompraíonn an córas náisiúnta tarchurtha leictreachais méid mór leictreachais ar ardvoltas (400kV, 220kV agus 110kV) ó na stáisiúin ghiniúna go pointí bulcsholáthair gar do na príomhbhailte agus na príomhchathracha. Ó na pointí sin, tá sé nasctha leis an gcóras dáileacháin, chomh maith leis na córais tarchurtha i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain. Féach Tábla 1 le haghaidh sonraí faoi chóras tarchurtha ESB.

Tábla 1 - Sonraí faoi mhéid an Chórais Tarchurtha atá faoi úinéireacht ESB

Línte Tarchurtha (km) Stáisiúin Tarchurtha(km) 

Cur síosLíon
Línte Lastuas 400kV438
Stáisiúin 400kV 5
Cáblaí 400kV faoi Thalamh1
Stáisiúin 220kV26
Línte Lastuas 220kV + 275kV 1,821
Stáisiúin 110kV45
Cáblaí 220kV + 275kV faoi Thalamh 163
 Claochladáin 400/220kV8
Línte Lastuas 110kV4,245
275/220kV Transformers3
Cáblaí 110kV faoi Thalamh292
110 kV Submarine Cables16
Claochladáin 220/110kV57

Is é ESB Networks a thógann an córas tarchurtha agus a dhéanann cothabháil air. Is é Eirgrid a bhainistíonn na sreafaí cumhachta, lena n-áirítear an leictreachas a ghineann gach saoráid mhór. Déanann Eirgrid cinnte freisin go mbeidh an córas tarchurtha in ann freastal ar an éileamh méadaithe a bheidh ar leictreachas amach anseo agus in ann don mhéid leictreachais a bheidh ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite, amhail feirmeacha gaoithe.

Téigh chuig Eirgrid

 

An Córas Dáileacháin

Is é an córas dáileacháin a thugann an leictreachas ón gcóras tarchurtha chomh fada leis an 2.3 milliún custaiméir in Éirinn. Feidhmítear ar 110kV i gceantar Bhaile Átha Cliath é, agus ar 38kV, 20kV, 10kV agus ísealvoltas (LV) ar fud na tíre. Le freastal ar dhaonra mór tuaithe na hÉireann, tá fad an líonra in aghaidh an duine ceithre huaire níos mó ná an meán Eorpach agus is é 6: 1 an cóimheas idir línte lastuas agus cáblaí faoi thalamh.

Tábla 2 - Staitisticí maidir leis an gCóras Dáileacháin

Líon Cur síos
2.1 milliún Cuaillí Adhmaid 
150,000 km Líne Lastuas 
22,000 km Cábla faoi Thalamh 
242,000Claochladáin MV/LV atá gléasta ar Chuaillí 
21,680Fostáisiúin Talún MV/LV 
133Fostáisiúin 110kV/38V nó 110MV 
438Fostáisiúin 38kV/MV 
2.5 milliúnMéadair 


Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil