Méadair Thraidisiúnta – Fabhtanna leis an gClog Ama a Réiteach

Méadair Thraidisiúnta – Fabhtanna leis an gClog Ama agus Réiteach na bhfabhtanna sin

Mar chuid de ról ESB Networks mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, táimid ceadúnaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) le seirbhísí méadair agus sonraí a chur ar fáil don mhargadh leictreachais in Éirinn. Déanaimid na méadair thraidisiúnta a léamh suas le ceithre huaire sa bhliain agus tugaimid na léamha méadair do sholáthraithe leictreachais. Úsáideann soláthraithe leictreachais na léamha méadair ansin le húsáid an leictreachais a ríomh agus le sonrasc a thabhairt don chustaiméir i gcomhréir leis an gconradh atá eatarthu agus an taraif a bhfuil comhaontú tugtha ag an soláthraí agus ag an gcustaiméir ina leith. Má bhíonn ceisteanna ag custaiméir a bhaineann le sonraisc nó taraifí, ba chóir iad a chur ar an soláthraithe cláraithe i dtús báire.

Mar chuid den Phlean Gnímh don Aeráid, tá ESB Networks chun na méadair leictreachais thraidisiúnta ar fud na hÉireann a uasghrádú ina méadair chliste. Is iomaí buntáiste a bhaineann le méadair chliste, faisnéis láithreach atá níos fearr a chur ar fáil do chustaiméirí agus do ESB Networks ina measc. Is leis na méadair thraidisiúnta lae/oíche agus le cloig ama a bhaineann an fhaisnéis seo a leanas.

Méadair Thraidisiúnta – Fabhtanna leis an gClog Ama a Réiteach

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil