Soilsiú poiblí neamh-mhéadraithe atá níos lú ná 2 kVA a nascadh

Cuireann ESB Networks naisc neamh-mhéadraithe ar fáil le haghaidh soilsiú poiblí i gcás go mbeidh na lóid faoi bhun 2 kVA agus an t-ídiú fuinnimh éasca le tuar. Is iad seo a leanas na céimeanna d'Údaráis Áitiúla nó do Thógálaithe/Fhorbróirí ar mian leo soilsiú poiblí agus lóid neamh-mhéadraithe faoi bhun 2 kVA (cilea-voltaimpéir) a nascadh leis an líonra leictreachais.

Treoir Céim ar Chéim

Eisiaimh

Faoi na rialacha reatha a bhaineann leis an Margadh Soláthair Leictreachais, eisiatar na lóid seo a leanas:

Lóid ar mó ná 2 kVA iad nó lóid shéasúracha (amhail soilsiú féiltiúil) – bíonn naisc mhéadraithe de dhíth ar na lóid sin agus cuirtear tríd an gcóras mar naisc thráchtála iad.

Lóid nua a bhfuil próifílí difriúla lóid ag baint leo – ní féidir na lóid sin a nascadh leis an bpointe nasctha céanna, mar shampla, soilse poiblí a bhfuil próifíl ó éirí go luí na gréine ag baint leo agus soilse tráchta a bhfuil próifíl 24 uair an chloig ag baint leo.  Tá Uimhir Thagartha Méadarphointe Theicniúil (TMPRN) ar leith de dhíth ar gach próifíl.

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil