Straitéis ESB Networks

Straitéis ‘Líonraí i dTreo na Neodrachta’ 

Leagtar amach inár Straitéis ‘Líonraí i dTreo na Neodrachta’ an ról atá ag ESB Networks i bPlean Gníomhaithe an Rialtais ar son na hAeráide, 2023 agus tacaíonn sí leis an sprioc go ndéanfaí an córas leictreachais a dhícharbónú faoi 2040. Tá sí bunaithe ar an ról atá againn sa ghréasán dáileacháin leictreachais a athrú ó bhonn, rud a chuirfidh ar chumas custaiméirí an fuinneamh a úsáideann siad a dhícharbónú; agus ar an ról atá againn mar Úinéir na Sócmhainní Tarchuir sa chlár uaillmhianach tarchurtha leictreachais a sholáthar. 

Léigh faoin Straitéis ‘Líonraí i dTreo na Neodrachta’ 

Físeán faoi Straitéis ‘Líonraí i dTreo na Neodrachta’ 

Trí chuspóir straitéiseacha, a bheidh i gcroílár chur chun feidhme na straitéise 

Leictreachas Dícharbónaithe 

  • Ár ngealltanas go gcuirfimid le chéile le custaiméirí agus le pobail le tacú leo an Neodracht a bhaint amach. 

  • Is é ár bpríomhchuspóir ná rochtain uilíoch, inacmhainne ar leictreachas slán, inbhuanaithe a sholáthar do gach custaiméir. 

  • De réir mar a aistríonn an córas leictreachais i dtreo múnla níos cliste, inbhuanaithe, beidh gá le líonra digiteach atá solúbtha agus cliste chun na hacmhainní nua seo a oibriú agus a bhainistiú. Is é ár bpríomhchuspóir ná rochtain uilíoch, inacmhainne ar leictreachas slán, inbhuanaithe a sholáthar do gach custaiméir. 

Custaiméirí Cumhachtaithe

  • Ár ngealltanas go gcuirfimid le chéile le custaiméirí agus le pobail le tacú leo an Neodracht a bhaint amach. 

  • Úsáidfimid sonraí agus teicneolaíochtaí digiteacha chun eispéireas áisiúil agus pearsantaithe a sholáthar do chustaiméirí. Forbróimid seirbhísí a bheidh bunaithe ar léargais freisin d’fhonn freastal ar riachtanais éagsúla custaiméirí de réir mar a thagann siad chun cinn. 

  • Cuirfidh ESB Networks réitigh i bhfeidhm dár gcuid custaiméirí líonra chun leictriú an teasa agus an iompair a chumasú. Déanfaimid níos éasca é do chustaiméirí agus do phobail a bheith rannpháirteach i margaí le haghaidh solúbthachta agus roghanna gníomhacha a dhéanamh maidir lena n-úsáid fuinnimh. 

Infreastruchtúr Athléimneach

  • Is é an leictreachas glan a bheidh taobh thiar den aistriú chuig an bhfuinneamh ísealcharbóin agus, chuige sin, beidh líonra athléimneach ag teastáil a bheidh in ann an fód a sheasamh in aghaidh an athraithe aeráide féin, mar aon le teagmhais shuaiteacha, amhail stoirmeacha agus cibirionsaithe. 

  • Aithníonn sé freisin go gcaithfimid cur leis an méid fuinnimh in-athnuaite a bhfuilimid in ann dó le go mbeimis in ann tuilleadh acmhainní giniúna in-athnuaite a nascadh lenár líonra.  

  • Ar a bharr sin, ní mór dúinn acmhainn líonra a sholáthar don éileamh a bhaineann le fás suntasach daonra, forbairtí nua tithíochta, fás eacnamaíoch, chomh maith leis an méadú suntasach ar éileamh a bheidh ann mar gheall ar leictriú an teasa, an iompair agus earnáil na tionsclaíochta. 

Líonraí i dTreo na Neodrachta 

Tar linn ar an aistear leis an líonra leictreachais a chur ar fáil don saol glan leictreach atá i ndán d’Éirinn. Roinn do chuid smaointe linn, ceistigh ár gcur chuige agus coinnigh ort ag éileamh na gcaighdeán is airde. Ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil faoi na bealaí a bhféadfadh ESB Networks an neodracht a bhaint amach. 

Cuir do thuairimí agus d’aiseolas chuig ESBNetworksStrategy@esb.ie 

    Déan teagmháil linn