Méadair íoc-mar-a-úsáidtear

Is féidir linn méadar íoc-mar-a-úsáidtear a shuiteáil

Déanann ESB Networks méadar íoc-mar-a-úsáidtear a shuiteáil do chustaiméir nuair a iarrann a sholáthraí leictreachais go ndéanfar amhlaidh. Déanfaidh teicneoir de chuid ESB Networks do mhéadar nua a shuiteáil agus beidh beagáinín creidmheasa air cheana féin le cabhrú leat tosú amach leis.

Maidir le do Mhéadar Íoc-mar-a-Úsáidtear

Déanann ESB Networks méadar íoc-mar-a-úsáidtear a shuiteáil do chustaiméir nuair a iarrann a sholáthraí leictreachais go ndéanfar amhlaidh.

Le do mhéadar a léamh, brúigh uimhir a 9 ar an eochaircheap.

Le breisiú a dhéanamh:

  1. Is féidir leat an t-eochaircheap ar an méadar féin a úsáid le do chuntas a bhreisiú
  2. Brúigh an eochair * ar an eochaircheap. Taispeánfar an teachtaireacht “KEYCODE”.
  3. Cuir isteach an cód breisithe creidmheasa ina iomláine, agus an eochair # ina dhiaidh.
  4. Má chuireann tú isteach uimhir mhícheart ar bith, is féidir leat an eochair * a bhrú le hí a scriosadh.
  5. A luaithe a bheidh cód bailí curtha isteach ar an méadar, beidh “ACCEPTED" le feiceáil ar an scáileán.

Méadar Íoc-mar-a-Úsáidtear

(PDF | 194 KB)

Tabhair do d'aire:Fiú má tá méadar íoc-mar-a-úsáidtear agat, tabharfaidh léitheoir méadar cuairt ort go fóill leis an bpríomh-mhéadar a léamh.
Déan teagmháil linn