An am maith é seo?

Cláraigh le haghaidh an chláir phíolótaigh ‘An am maith é seo’?

  • Bíodh smacht agat an d’ídiú leictreachais an geimhreadh seo
  • Optamaigh d’úsáid leictreachais taobh amuigh de na buaic‑amanna
  • Bain leas as faisnéis shaincheaptha, ábhartha faoi na hamanna is fearr le d’fhearais leictreacha a úsáid

Cuir m'ainm síos!

Clár píolótach is ea ‘An am maith é seo?’ arb aidhm leis tacú le custaiméirí smacht a bheith acu ar an méid leictreachais a úsáideann siad agus an úsáid sin a bhogadh amach as na buaic‑amanna. Déanfar an méid sin ach faisnéis agus moltaí eile a thabhairt dóibh maidir le cén chaoi ar féidir leictreachas a úsáid agus cén uair ba chóir é a úsáid. Tabharfaidh an clár píolótach seo deis do chustaiméirí clárú le faisnéis a fháil maidir le buaic‑imeachtaí. Ar laethanta a mbeidh buaicéileamh ann ar fud na tíre, seolfaimid SMS chugat freisin le go mbeidh tú ullamh agus réidh le beart a dhéanamh.

Cén fáth ar chóir dom clárú?

Tar éis duit clárú le haghaidh na scéime píolótaí, tosóimid ag seoladh leideanna saincheaptha chugat tríd an ríomhphost agus SMS d’fhonn cabhrú leat smacht a fháil ar an leictreachas a úsáideann tú.

Roimh duit clárú, déan cinnte go bhfuil do MPRN ar eolas agat (le fáil ar bhille ó do soláthraí).

Beidh an scéim phíolótach ar siúl go dtí deireadh mhí an Mhárta 2023.

Cliceáil ar an nasc thíos agus comhlánaigh foirm thapa le bheith páirteach ann.

Cláraigh

Céard is aidhm leis an gclár píolótach seo?

Tionscnamh píolótach de chuid ‘Beir Bua ar an mBuaic’ is ea ‘An am maith é seo’ atá á sheoladh le heolas ábhartha, tráthúil a thabhairt dár gcuid custaiméirí leictreachais d’fhonn cabhrú leo smacht a bheith acu ar an méid fuinnimh a úsáidfidh siad an geimhreadh seo.

Toisc go bhfuil Éire ag brath níos mó agus níos mó ar an nginiúint leictreachais in‑athnuaite in ionad breoslaí iontaise, d’fhéadfadh sé go mbeadh an córas leictreachais faoi bhrú. Cabhróidh an clár píolótach seo linn go léir tuiscint a fháil ar na hamanna is fearr chun ár bhfearais mhóra leictreachais a úsáid sa bhaile ionas gur féidir linn ár gcion féin a dhéanamh lenár spleáchas ar chineálacha giniúna agus iompórtála leictreachais a bhfuil breoslaí iontaise taobh thiar díobh a laghdú ag na buaic‑amanna éilimh (5 i.n. go 7 i.n.).

Get in Touch
Phone
1800 372 757