An Uaillmhian

An Clár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’

Táimid ag athrú ár líonra leictreachais ó bhonn d’fhonn Éire a bhrú chun cinn i dtreo an tsaoil ísealcharbóin atá amach romhainn. Ré nua fuinnimh a bheidh ann agus is féidir leatsa a bheith páirteach inti ag an leibhéal áitiúil. Is féidir linn go léir ár gcion féin a dhéanamh le spriocanna aeráide na hÉireann a bhaint amach, rud a dhéanfaimid trí níos mó fuinnimh in-athnuaite a ghiniúint, a stóráil agus a úsáid laistigh dár bpobail áitiúla féin.

 

Ár gComhairliúcháin

An Chumhacht le Dul i nGleic leis an Athrú Aeráide

An raibh a fhios agat go bhfuil sé de chumhacht ag cuideachtaí san earnáil fuinnimh astaíochtaí carbóin na hÉireann a laghdú? Ag croílár na hoibre chuige sin beidh athrú ó bhonn ar ár líonra náisiúnta le húsáid níos mó fuinnimh in-athnuaite a éascú. Tacóidh na hathruithe sin le Clár na Nasc Áitiúil, lena n-áirítear leictriú méadaithe an teasa agus an iompair, chomh maith le táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe leictrithe do thithe, d'fheirmeacha agus do ghnólachtaí ar fud na hÉireann.

Ár Líonra a Athrú ó Bhonn don Am atá le Teacht

Samhlaigh am nach mbeadh ár n-astaíochtaí carbóin ina bhfadhb a thuilleadh, am a mbeadh deireadh curtha lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus a mbeadh ról gníomhach ag pobail ar fud na tíre san fhuinneamh a dhéanann siad a tháirgeadh, a úsáid agus a roinnt le daoine eile. Tá ESB Networks ag obair leis an líonra a athrú ó bhonn anois lena chinntiú go mbeidh an líonra ísealcharbóin sin againn san am atá le teacht.

 

Ár Líonra a Chumhachtú le Fíorathrú a Bhaint Amach

Ag ESB Networks táimid ag athrú ár líonra leictreachais ó bhonn d’fhonn Éire a bhrú chun cinn i dtreo an tsaoil ísealcharbóin atá i ndán dúinn, agus tá sé tábhachtach go mbeifeá páirteach sa chomhrá cumhachtaithe seo. Cuir ríomhphost chuig engagement@esbnetworks.com le do spéis a chlárú

Déan teagmháil linn