Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide treochlár na hÉireann chun ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Ní bheidh linn mura féidir linn déileáil le i bhfad níos mó fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, freastal ar éileamh atá ag dul i méid go tapa mar thoradh ar leictriú an teasa agus an iompair, agus leanúint de sholáthar leictreachais atá slán sábháilte a chur ar fáil ag an am céanna.
Sa timpeallacht dhinimiciúil seo, is tionscadal ilbhlianta é an clár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla a athróidh ó bhonn an chaoi a mbainistítear fuinneamh ar líonra dáileacháin leictreachais na hÉireann. Idir ghineadóirí fuinnimh in-athnuaite, úsáideoirí móra agus chustaiméirí baile, feirme agus gnó, tosóidh siad go léir ag baint úsáid as teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua as seo go ceann 10 mbliana, rudaí a athróidh an chaoi a ndéanann sé leictreachas a ghiniúint, a stóráil nó a úsáid. Toisc gur léir anois gur gá an chaoi a n-úsáidimid agus a stórálaimid leictreachas a nascadh le giniúint in-athnuaite áitiúil, tá an clár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla ann lena chinntiú go mbeidh an córas dáileacháin in ann monatóireacht, réamhaisnéis agus bainistíocht a dhéanamh ar chumhacht ar an leibhéal áitiúil.
Sa ré nua fuinnimh seo, beidh custaiméirí agus pobail ar fud na tíre níos gníomhaí maidir lena n-úsáid leictreachais a bhainistiú agus a rialú. Trí dheis a thabhairt do gach úsáideoir a bheith páirteach sa chlár Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla, is féidir linn córas dáileacháin a fhorbairt atá slán sábháilte, margaí áitiúla nua a thabhairt isteach a fhreastalóidh ar riachtanais nua áitiúla agus réigiúnacha, agus tionchar dearfach a bheith againn sa troid i gcoinne an athraithe aeráide.