Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

Ag ESB Networks, tá naisc nua á ndéanamh, líonra atá níos láidre ná riamh á thógáil, agus ár gcustaiméirí á nascadh le todhchaí ghlan leictreach. 

Ar an 30 Meán Fómhair, sheolamar ár dtriail den Phróiseas Nasctha nua cuíchóirithe um Ghiniúint ar Scála Beag. Cuirfidh sé seo ar chumas líon níos mó dár gcustaiméirí gineadóirí leictreachais suas le 200kW a nascadh go sábháilte agus go héasca  leis an líonra leictreachais. 

Tá an próiseas nua um Ghiniúint ar Scála Beag á sheoladh ar dtús ar bhonn trialach i gcomhréir le Plean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide 2030. Úsáidfear aiseolas agus foghlaim ón triail chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas marthanach. Tagann tabhairt isteach an phróisis chuíchóirithe nua seo ar na sála ar an bPróiseas Nasctha um Mionghiniúint, a seoladh in 2021 agus a bhfuil ag éirí go han-mhaith leis. Le chéile, cinnteoidh na seirbhísí nua seo go bhfuil sé níos simplí anois ná riamh do líon níos mó custaiméirí, a ghineann a leictreachas in-athnuaite féin, a mbreis leictreachais a nascadh agus a easpórtáil go sábháilte leis an líonra leictreachais áitiúil agus, dá bhrí sin, páirt níos gníomhaí a ghlacadh ó thaobh na tíre seo a nascadh le todhchaí ghlan leictreach. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas nasctha um Ghiniúint ar Scála Beag, téigh chuig ár leathanach tiomnaithe anseo: Giniúint ar Scála Beag (esbnetworks.ie) ar Scála Beag (esbnetworks.ie)

Back