Faigh an nuacht is déanaí

Nuacht

  • Seo an chéad chomhoibriú i sraith gealltanas tráchtála a laghdóidh éileamh leictreachais An Post faoi 30MWh i rith an gheimhridh. 
  • Geallann An Post nach luchtófar ach 50% dá fhlít leictreach le linn na buaicré idir 5pm agus 7pm gach lá.

Arna eisiúint: Dé hAoine, 4 Samhain 2022

Inniu, d’fhógair An Post agus ESB Networks go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar i rith gheimhreadh 2022/23 chun tacú leis an dara tionscnamh ‘Seachain an Bhuaicré’ de chuid ESB Networks a bhfuil sé mar aidhm aige eagraíochtaí a spreagadh chun gealltanas a thabhairt cabhrú chun an Bhuaicré a sheachaint.  Is é An Post an chéad ghnó in Éirinn a ghlac le sraith gealltanas mar chuid den tionscnamh de chuid ESB Networks ar a dtugtar ‘Seachain an Bhuaicré'. 

Tá ESB Networks ag obair le raon cuideachtaí, idir chuideachtaí beaga agus chuideachtaí móra, ar na céimeanna a d’fhéadfaidís a ghlacadh chun a n-ídiú leictreachais a athrú ó na buaicréanna go ham éigin eile. Tá bearta curtha i bhfeidhm ag An Post chun a ídiú leictreachais le linn na buaicré a laghdú go suntasach agus, ag an am céanna, na seirbhísí litreacha, beartán agus airgeadais a chuireann siad ar fáil dá gcustaiméirí a choinneáil go hiomlán. 

  • Agus An Post i mbun oibre le ESB Networks, tá trí thionscnamh curtha i bhfeidhm anois chun é a chur ar chumas na heagraíochta a héileamh ar leictreachas a laghdú faoi bhreis agus 30 MWh le linn na buaicré úsáide náisiúnta idir 5pm agus 7pm an geimhreadh seo:
  • Tá gach feistiú solais le feistiú le bolgáin atá tíosach ar fhuinneamh faoi dheireadh na bliana seo
  • Ní rachaidh aon chóras téimh uathoibrithe thar 19 gcéim Celsius, agus forbrófar socrú den chineál céanna i gcás córais láimhe
  • Déanfaidh An Post a sceidil athluchtaithe a chéimniú ionas nach luchtófar ach 50% dá fhlít Feithiclí Leictreacha idir 5pm agus 7pm; múchfar go hiomlán thar oíche gach trealamh agus teicneolaíocht neamhriachtanach in Oifigí an Phoist, iostaí poist agus foirgnimh eile amhail Ard-Oifig an Phoist (i.e. ní fhágfar ar fuireachas iad) agus múchfar an soilsiú maisiúil go léir (i.e. soilsiú nach soilsiú slándála ná oibríochtúil é) ar a 6pm. 

Bainfear é seo go léir amach gan aon tionchar a imirt ar cháilíocht cháiliúil na seirbhíse a chuireann An Post ar fáil. 

Agus í ag labhairt léi faoin gcomhoibriú seo, dúirt Nicola Woods, Príomhoifigeach Claochlúcháin An Post:

“Cuireann an gealltanas ‘Seachain an Bhuaicré’ seo borradh athnuaite faoi na céimeanna ollmhóra atá glactha againn cheana féin chun an méid fuinnimh a úsáideann An Post a laghdú.  Molaimid do gach gnó in Éirinn páirt a ghlacadh trí bhearta a dhéanamh anois lena chinntiú go bhfuil go leor cumhachta ar fáil dóibh siúd a bhfuil géarghá acu léi le linn bhuaicréanna an gheimhridh seo, chun cabhrú lenár bpláinéad a chosaint agus costais a laghdú.  Nuair a chuirtear na céimeanna beaga go léir le chéile, déantar difríocht mhór, go háitiúil agus go náisiúnta.  Tá breis agus 9,000 fostaí againn, agus déanaimid iad a spreagadh chomh maith páirt a ghlacadh sa dúshlán teaghlaigh ‘Seachain an Bhuaicré’, rud a chabhraíonn linn go léir rian a fhágáil as ar féidir linn a bheith bródúil.”

Dúirt an Dr Ellen Diskin, Ceannasaí Chlár ESB Networks ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’:

“Is cúis áthais dúinn dul i mbun oibre i gcomhar le An Post, ár gcéad chomhpháirtí tráchtála chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh ‘Seachain an Bhuaicré’. Ar nós ESB Networks, tá fréamhacha doimhne ag An Post i ngach pobal ar fud na hÉireann agus tá cuntas teiste láidir aige maidir le beart a dhéanamh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Gan aon dabht, tá An Post agus ESB Networks den tuairim chéanna maidir leis na buntáistí dár sochaí agus don chomhshaol a bhaineann leis an tionscnamh ‘Seachain an Bhuaicré’.  Comhlánaíonn an tionscnamh earnála tráchtála seo ár gclár píolótach ‘Seachain an Bhuaicré’ do theaghlaigh an tseachtain seo caite (an clár píolótach 'An Am Maith É Seo?’) a seoladh go rathúil an tseachtain seo caite . Is ábhar misnigh dúinn na leibhéil arda suime a léirítear i measc teaghlach ar fud na hÉireann ar mian leo smacht a fháil ar a n-ídiú leictreachais le linn an gheimhridh seo.  Anois molaimid do ghnólachtaí na tíre – idir bheag agus mhór – páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo.” 

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir le do chuideachta páirt a ghlacadh ann, téigh go www.esbnetworks.ie/pledge

     

     



 

Back